Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 23:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Ach do ghéaruigh ortha-san agus dubhradar: Tá sé ag buaireamh na ndaoine, ag teagasg ar fuid Iúdaéa go léir, ag tusnú ó Ghaililí go dtí an áit seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Ach dhearbhaigh siadsan gurbh amhlaidh, agus dúirt siad, “Bíonn sé ag gríosú na ndaoine agus é ag teagasc ar fud Iúdaea, as Galailí go dtí seo.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Acht d’éirigh siad-san ní ba dhéine, ag rádh: Tá sé ag gríosughadh na ndaoine, ag teagasc ar fud Iudaia go léir, ag toiseacht ó’n Ghailile go dtí an áit seo.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Acht ba dhéine d’áitigheadar air, g‐á rádh, Atá sé ag buaidhreadh na ndaoine, ag tosnú dhó ó’n nGalilé go dtí an áit seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Achd do theannadarsan orrtham ag rádh, Buáidhridh sé an pobal, ag teagasg ar feadh thíre Iúdaighe uile, ag teasgasg ar feadh thíre Iúdaighe uile, ag tosughadh ón Ghalilé go soithe so.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Ach ba dhéinide fós a n-aitheasc siúd: “Bíonn sé ag corraí an phobail, ag teagasc ar fud Iúdáia go léir, ón nGailíl, mar ar thosaigh sé, go dtí an áit seo.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Ach ba dhéinide fós a n‑aitheasc siúd: “Bíonn sé ag corraí an phobail, ag teagasc ar fud Iúdáia go léir, ón nGailíl, mar ar thosaigh sé, go dtí an áit seo.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 23:5
24 Tagairtí Cros  

Agus do thárla, nuair a bhí na h-órduighthe tabhartha ag Íosa d’á dháréag deisgiobul, gur imthigh sé as an áit sin chun teagasg agus craobhsgaoileadh dhéanamh i n-a mbailtibh-sin.


Ansan, nuair a rugadh Íosa i mBetlehem Iúda, i laethibh an rí Héróid, tháinig draoithe ó’n ndomhan toir go Ierúsalam, agus dubhradar:


Nuair a chonaic Pílát ná raibh ag eirighe leis, ach gur toirmeasg a bhí ag teacht, fuair sé uisge, agus do nigh sé a lámha os cómhair na ndaoine, agus dubhairt sé: Táim-se saor ar fhuil an fhíoraoin seo; oraibh-se bíodh.


Agus do ghluais Íosa mór-thímpal Ghaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta d’á raibh ar dhaoine.


Agus nuair a bhí Eóin curtha sa phríosún, tháinig Íosa isteach i nGaililí ag craobhsgaoileadh soisgéil rígheachta Dé.


Agus nuair a bhí na neithe sin aige ’á rádh leó, do chrom na Fairisínigh agus lucht na dlíghe ar aighneas leis go h-ana-dhian, agus ar a bhéal do chluiche ar a lán neithe,


Ach do leanadar-san ag liúirigh do ghuthanaibh árda go ndéanfaí é chéasadh, agus do bhuaidh a nguthana.


Nuair a d’airigh Pílát Gaililí d’fhiafraigh sé ar Ghaililíach an duine.


Ba mhian leis dul, lár n-a mháireach, go Gaililí, agus do fuair sé Pilib; agus dubhairt Íosa leis; lean mise.


Ach do liúghadar: Tóg uainn é, tóg uainn é; céas é! Dubhairt Pílát leó: An ndéanfad bhúr rí do chéasadh? D’fhreagair na h-árd-shagairt: Ní’l aon rí againn ach Caesar.


Dhein Íosa an tusnú san ar a mhírbhúiltíbh i gCána na Gaililí, agus do thaisbeáin sé a chómhacht, agus do chreid a dheisgiobuil ann.


Dubhairt tuille acu: Isé an Críost é seo. Agus dubhairt raint acu: An ó Ghaililí atá Críost ag teacht?


D’fhreagradar agus dubhradar leis: An amhlaidh is Gaililiach tusa leis? Cuardaigh an Sríbhinn, agus chífir ná h-eirigheann fáidh a’ Gaililí.


Is eól daoibhse an focal a labhradh ar fuid Iúdaéa go léir, óir do thusnuigh sé ó Ghaililí tar éis an bhaiste a chraobhsgaoil Eóin:


Ansan nuair a bhí an sgéal ’n-a bhruidhin chaorthainn eatartha bhi eagal ar an dtrbiún go stracfaidís as a chéile Pól, agus d’órduigh sé do sna saighdiúirí dul síos agus é thógaint uatha agur é thabhairt isteach sa longphort.


Nuair airighdar san an chainnt sin bhíodar sgólta, agus mheasadar iad a chur chun báis.


Nuair airíghdar an chainnt sin do gheárr sí an croidhe acu agus bhíodar ag díosgán a bhfiacal chuige.


Agus do chomáineadar amach as an gcathair é agus ghabhdar do sna clochaibh ann, agus chuir na fínnithe a mbraith ag cosaibh fir óig ar a dtugtí Saul.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí