Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 23:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Acht ba dhéine d’áitigheadar air, g‐á rádh, Atá sé ag buaidhreadh na ndaoine, ag tosnú dhó ó’n nGalilé go dtí an áit seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Ach dhearbhaigh siadsan gurbh amhlaidh, agus dúirt siad, “Bíonn sé ag gríosú na ndaoine agus é ag teagasc ar fud Iúdaea, as Galailí go dtí seo.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Acht d’éirigh siad-san ní ba dhéine, ag rádh: Tá sé ag gríosughadh na ndaoine, ag teagasc ar fud Iudaia go léir, ag toiseacht ó’n Ghailile go dtí an áit seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Achd do theannadarsan orrtham ag rádh, Buáidhridh sé an pobal, ag teagasg ar feadh thíre Iúdaighe uile, ag teasgasg ar feadh thíre Iúdaighe uile, ag tosughadh ón Ghalilé go soithe so.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Ach do ghéaruigh ortha-san agus dubhradar: Tá sé ag buaireamh na ndaoine, ag teagasg ar fuid Iúdaéa go léir, ag tusnú ó Ghaililí go dtí an áit seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Ach ba dhéinide fós a n-aitheasc siúd: “Bíonn sé ag corraí an phobail, ag teagasc ar fud Iúdáia go léir, ón nGailíl, mar ar thosaigh sé, go dtí an áit seo.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Ach ba dhéinide fós a n‑aitheasc siúd: “Bíonn sé ag corraí an phobail, ag teagasc ar fud Iúdáia go léir, ón nGailíl, mar ar thosaigh sé, go dtí an áit seo.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 23:5
24 Tagairtí Cros  

Agus tharla, nuair do chríochnuigh Íosa múineadh a dháréag deisceabal, gur imthigh sé as an áit sin chum teagasc agus craobhscaoileadh do dhéanamh ’n‐a gcathrachaibh‐sean.


Agus nuair rugadh Íosa i mBeithil Iúdaea, i laethibh an ríogh Ioruath, tháinig draoithe ó’n domhan thoir go h‐Iarúsalem,


Agus nuair do chonnaic Píoláid nach raibh aon mhaith dhó ann, acht go raibh gleo ag éirghe, do ghlac sé uisce chuige, agus do nigh sé a lámha i bhfiadhnaise an tsluaigh, g‐á rádh, Ní fhuilim‐se cionntach i bhfuil an fhíréin seo: féachaidh‐se chuige.


Agus do ghluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas an uile ghalair agus breoiteachta i measc na ndaoine.


Agus tar éis Eoin do chur i bpríosún, tháinig Íosa isteach ’sa nGalilé ag craobhscaoileadh soiscéil Dé,


Agus nuair do bhí sé imthighthe as an áit sin, do thosnuigh na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh ar aighneas do chur air go dian, g‐á spreagadh chum cainnte ar mhórán neithe,


Acht do sheasadar go dána, ag glaodhach i n‐árd a ngotha, ag iarraidh é do chéasadh. Agus do bhuaidh a nglór.


Acht nuair do‐chuala Píoláid sin, d’fhiafruigh sé ar Ghaliléach an fear.


Ba mhian leis, lá ar n‐a bhárach, dul go dtí an Ghalilé, agus fuair sé Pilib: agus adubhairt Íosa leis, Lean mise.


Agus adubhairt sé leis na h‐Iúdachaibh, Sin é bhúr Rí! Acht do liúghadar, Tóg uainn é, tóg uainn é, croch é! Adubhairt Píoláid leo, An amhlaidh chrochfad bhúr Rí? D’fhreagair na h‐árd‐shagairt, Ní fhuil aon rí againn acht Céasar.


Do‐rinne Íosa an tosnú sin ar a mhíorbhailtibh i gCána na Galilé, agus d’fhoillsigh sé a ghlóir; agus do chreid a dheisceabail ann.


Acht adubhairt dream eile, An ó’n nGalilé atá an Críost le teacht?


D’fhreagradar agus adubhradar leis, An as an nGalilé dhuit‐se, leis? Cuarduigh, agus chífir nach n‐éirigheann aon fháidh ó’n nGalilé.


is eol daoibh féin an briathar sin, do craobhscaoileadh ar fud Iúdaea ar fad, ag tosnú ó’n nGalilé, tar éis an bhaiste d’fhógair Eoin;


Agus nuair do bhí ag éirghe ar an gcallán go mór, d’órduigh an t‐árd‐chaiptín do na saighdiúiribh dul síos, ar eagla go sracfaidís Pól as a chéile eadortha, agus a thógáil le neart uatha agus a thabhairt isteach san gcaisleán.


Acht, ar n‐a chlos sin dóibh‐sean, do bhíodar ar buile,


Ag éisteacht dóibh‐sean leis na briathraibh sin, d’éirigh colg ’n‐a gcroidheachaibh agus do bhíodar ag gioscán a bhfiacal chuige.


Acht do gháireadar‐san amach i n‐árd a ngotha, agus do dhúnadar a gcluasa agus thugadar ruathar faoi i n‐éinfheacht le chéile,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí