Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 23:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus adubhairt Píoláid le h‐uachtaránaibh na sagart, Ní fhaighim aon locht sa duine seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Ach is é a dúirt Píoláid leis na hardsagairt agus leis na sluaite, “Ní fheictear dom go bhfuil coir ar bith déanta ag an duine seo.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus dubhairt Pioláit le h-uachtaráin na sagart agus leis na sluaighte: Ní fhaghaim-se aon choir san duine seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus a dubhairt Píoláid ris na hárdsagartuibh agus ris an tslúagh, Ní fhaghaimsi cúis ar bith air a bhfearso.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus dubhairt Pílát le h-uachtaráin na sagart agus leis an sluagh: Ní bhfaighim aon choir sa duine seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Dúirt Píoláit ansin le huachtaráin na sagart agus leis na sluaite: “Ní fhaighim ciontacht ar bith sa duine seo.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Dúirt Pioláit ansin le huachtaráin na sagart agus leis na sluaite: “Ní bhfaighim ciontacht ar bith sa duine seo.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 23:4
13 Tagairtí Cros  

Agus le linn bheith ’n‐a shuidhe dhó i gcathaoir an bhreitheamhnais, do chuir a bhean teachtaireacht chuige, g‐á rádh, Ná bíodh aon bhaint agat leis an duine fíréanta sin: óir is mór d’fhulaingeas i mbrionglóid indiu mar gheall air.


Agus adubhairt Píoláid leo, Acht cad é an t‐olc atá déanta aige? Acht ba dhéine do liúghadar, Céas é.


Agus adubhairt sé leo an treas uair, Cad chuige, cad é an t‐olc atá déanta aige? Ní fhuaras‐sa aon chúis báis ann: smachtóchad é, d’á bhrigh sin, agus scaoilfead saor é.


Adubhairt Píoláid leis, Créad is fírinne ann? Agus nuair adubhairt sé sin, do chuaidh sé amach arís chum na nIúdach, agus adubhairt sé leo, Ní fhaghaim‐se coir ar bith ann.


Acht ní fhuaras coir ar bith ann do thuill bás; agus ó chuir sé é féin fá choimirce an impire, do shocruigheas ar a chur chuige.


Dia Abrachaim, Dia Íosóig, agus Dia Iácóib, Dia ár sinnsear, thug sé glóir d’á sheirbhíseach Íosa; an té do bhraith eabhair‐se, agus do shéanabhair os cómhair Phíoláid, an tan do cheap sé a scaoileadh saor.


Óir is é a theastuigh uainn a leithéid d’árd‐shagart atá naomhtha, gan cionnta, gan smál, d’á dhealú ó pheacachaibh,


acht le fuil luachmhair, mar fhuil uain gan locht, gan smál, fuil Chríost:


Ní dhearna sé peacadh ariamh, agus ní fríth cealg ’n‐a bhéal.


Óir d’fhulaing Críost féin, aon uair amháin, ar son na bpeacaidhe, an fíréan i n‐éiric na neimhfhíréan, chum sinn do thabhairt chum Dé; d’á chur chum báis san bhfeoil, acht d’á bheodhadh san spiorad;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí