Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 23:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Agus do bhí sluagh mór daoine g‐á leanamhain, agus mná, agus iad ag caoin‐ghol agus ag déanamh truaighe dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Agus bhí slua mór daoine á leanúint agus slua de mhná agus iad á chaoineadh agus ag mairgneach faoi.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Agus lean sluagh mór é de’n phobal, agus de mhná a bhí ag gol agus ghá chaoineadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Agus do lean cuideachda mhór don phobal, agus do na mnáibh é, do bhí fós ag gul agus dá cháoineadhsan.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Agus bhí mórán daoine ’ghá leanmhaint, agus mná, agus iad ag gol agus ag caoi mar gheall air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 Bhí slua mór den phobal dá leanúint, mar aon le complacht ban a bhí ag mairgneach air agus dá chaoineadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Bhí slua mór den phobal á leanúint, mar aon le complacht ban a bhí ag mairgneach air agus á chaoineadh.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 23:27
9 Tagairtí Cros  

agus g‐á rádh, Do sheinneamar ar an bhfeadán daoibh, agus ní dhearnabhar rinnce; do chaoineamar daoibh, agus ní dhearnabhar gol.


agus adubhradar, Go fírinneach do b’é Mac Dé é sin. Agus do bhí ann mórán ban i bhfad uaidh ag féachain air, mná do lean Íosa ó’n nGalilé, ag friotháileamh air:


Agus do bhí mná ann i bhfad uaidh, agus iad ag féachain air: ortha‐san do bhí Máire Mhagdaléné, agus Máire máthair Shéamais bhig agus Iósés, agus Salómé;


Acht d’iompuigh Íosa chuca, agus adubhairt sé, A ingheana Iarúsalem, ná bidhidh ag gol ar mo shon‐sa, acht ar bhúr son féin, agus ar son bhúr gclainne.


Agus na mná tháinig i n‐éinfheacht leis ó’n nGalilé, do leanadar ’n‐a dhiaidh, agus do chonnacadar an tuama, agus cionnas bhí a chorp curtha ann.


agus an dáréag i n‐éinfheacht leis, agus roinnt ban do leigheasadh ó ainspioraidibh agus ó aicídibh, Máire ar a dtugtar Magdaléné, as ar imthigh seacht ndeamhain amach,


Agus do bhíodar go léir ag gol, agus g‐á caoineadh: acht adubhairt seisean, Ná bidhidh ag gol; ní marbh atá sí, acht n‐a codladh.


Go fírinneach adeirim libh, go ndéanfaidh sibh‐se gol agus caoineadh, acht béidh áthas ar an saoghal: béidh brón oraibh‐se, acht athróchar bhúr mbrón chum gáirdeachais.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí