Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 23:53 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

53 Agus do thóg sé anuas é, agus d’fhill sé i línéadach é, agus do chuir sé é i dtuama do bhí gearrtha i gcarraig, tuama nár cuireadh aon duine riamh roimhe sin ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

53 Ansin thug sé anuas é agus dʼfhill taiséadach lín air, gur chuir é i dtuama a gearradh amach as an gcarraig, tuama nár cuireadh corp duine ann riamh roimhe sin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

53 Agus ghá tógáil anuas dó, chuach sé i línéadach é, agus chuir sé é i dtuamba a bhí gearrtha as carraig, agus nach raibh aoinneach curtha ann go dtí sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

53 Agus ar na bhúain a núas dó, do chuir sé linéadach na thimcheall, agus do chuir sé a dtúama do bhí ar na thochailt a gcarraic é, ann nach ar cuireadh áonduine roimhesion a ríamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

53 Agus thóg sé anuas é, agus d’fhill sé i línéadach é, Agus chuir sé i dtuama é a bhí gearrtha i gcaraig, agus nár cuireadh aoinne ann go dtí san,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

53 Ansin thóg sé anuas den chros é, dʼfhill i línéadach é agus chuir i dtuama é a bhí gearrtha sa charraig, nár cuireadh aon duine ann roimhe riamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

53 Ansin thóg sé anuas den chros é, d'fhill i línéadach é agus chuir i dtuama é a bhí gearrtha sa charraig, nár cuireadh aon duine ann roimhe riamh.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 23:53
7 Tagairtí Cros  

Agus do cheannuigh seisean brat línéadaigh, agus do thóg sé anuas é, agus d’fhill sé sa mbrat línéadaigh é, agus do chuir sé isteach i dtuama do bhí gearrtha as carraig; agus d’iontuigh sé leac thar bhéal an tuama.


do‐chuaidh an fear so chum Píoláid, agus d’iarr sé corp Íosa air.


Agus ba é lá an Ullmhuighthe do bhí ann, agus do bhí an tsabóid ag teacht.


Agus do bhí garrdha san áit ’n‐ar crochadh é; agus sa ngarrdha sin bhí tuama úr‐nua nár cuireadh duine riamh roimhe sin ann.


Agus nuair do bhí gach nidh do scríobhadh ’n‐a thaobh cóimhlíonta aca, do thógadar anuas é de’n chroich, agus do chuireadar i dtuama é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí