Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 23:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus nuair do chonnaic Ioruath Íosa, do bhí an‐áthas air: óir do b’fhada do bhí sé ag súil le n‐a fheicsin, de bhrigh go gcuala sé trácht air; agus do bhí súil aige go bhfeicfeadh sé míorbhail éigin d’á déanamh aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Nuair a chonaic Iorua Íosa, bhí an-lúcháir air, mar bʼfhada é ag tnúth le hamharc a fháil air, agus dóchas aige le comhartha éigin a fheiceáil á dhéanamh aige.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus nuair a chonnaic loruadh Íosa, bhí lúthgháir mhór air, óir bhí fonn air le fada é d’fheiceáil; de bhrígh gur chuala sé mórán fá dtaoibh de, agus bhí súil aige go bhfeicfeadh sé míorbhail éigin dá déanamh aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus ar bhfaicsin Iósa Díoruáidh, do ghabh lúathgháire mhór é: óir do bhí fonn air ré fada eision dfaicsin, do bhrigh go gcúaluidh sé mórán air; agus do bhí dóchas aige go bhfaicfeadh sé comhtharra éigin ar na dhéanamh leis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus nuair a chonaic Héród Íosa bhí áthas ana-mhór air, óir bhí sé abhfad ag súil le h-é d’fheisgint, mar bhí sé tar éis a lán d’aireachtaint ’n-a thaobh, agus bhí súil aige go bhfeicfeadh sé mírbhúilt mhór éigin aige ’á dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Bhí áthas ar Héaród Íosa a fheiceáil; ba é ab áil leis le fada radharc a fháil air, ó bheith ag cloisteáil trácht air, agus bhí sé ag súil le míorúilt éigin a fheiceáil dá déanamh aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Bhí áthas ar Héaród Íosa a fheiceáil; b'é ab áil leis le fada radharc a fháil air, ó bheith ag cloisteáil trácht air, agus bhí sé ag súil le míorúilt éigin a fheiceáil á dhéanamh aige.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 23:8
8 Tagairtí Cros  

Ins an am sin do‐chuala Ioruath, an téatrarc, an t‐iomrádh ar Íosa,


Agus do‐chuala Ioruath an rí ’n‐a thaobh sin; óir do bhí a ainm d’á luadh: agus adubhairt sé, Atá Eoin Baiste éirighthe ó na marbhaibh, agus, d’á bhrigh sin, atá na cumhachta so ag oibriú ann.


Agus do ghlaodh sé chuige an sluagh agus a dheisceabail, agus adubhairt sé leo, Má’s áil le h‐aoinneach mise do leanamhain, diúltadh sé dhó féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé.


Agus adubhairt seisean leo, Adéarfaidh sibh liom, gan amhras, an sean‐fhocal so, A liaigh, leigheas thú féin: na neithe do‐chualamar do‐rinnis i gCafarnaúm, déan annso id’ dhúthaigh féin iad, leis.


g‐á rádh, Tabhraidh dhamh‐sa an chumhacht sin, leis, go bhfaigheadh an té go gcuirfead mo lámh air an Spiorad Naomh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí