Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 23:35 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Agus do bhí na daoine ’n‐a seasamh ag féachain. Agus do bhí na h‐uachtaráin, leis, ag tabhairt tarcuisne dhó, g‐á rádh, D’fhuascail an té seo daoine eile; fuascladh sé é féin, má’s é an Críost é, do thogh Dia.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

35 Agus sheas na daoine thart, á choimeád; agus chuaigh na rialtóirí a fhonóid faoi, agus é á rá acu, “Shlánaigh sé daoine eile; slánaíodh sé é féin, más é an Críost é agus an duine tofa atá ag Dia!”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

35 Agus bhí na daoine ina seasamh ag stánadh, agus bhí na h-uachtaráin mar aon leo ag déanamh magaidh faoi, ag rádh: Shábháil sé daoine eile, sábháileadh sé é féin, má’s é seo an Críost a thogh Dia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Agus do sheas an pobal ag fhéachain air. Agus do rinneadar na húachdaráin leis fonómhad fáoi maille ríusán, ag rádh, Dfóir sé ar dháoinibh eile; foireadh sé air féin, mas é so Criosd, do thogh Día.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Agus bhí na daoine ’n-a seasamh ag féachaint air, agus bhí na h-uachtaráin ag magadh faoi leó, agus deiridís: D’fhóir sé ar dhaoinibh eile, fóireadh sé air féin, má ’sé an Críost é a toghadh ó Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

35 Dʼfhan an pobal ansiúd ag breathnú. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 23:35
24 Tagairtí Cros  

Féach, mo sheirbhíseach atá toghtha agam; An té is ionmhain liom ’n‐a bhfuil aoibhneas m’anma: Cuirfead mo Spiorad air, Agus fógróchaidh Sé breitheamhnas do na Geintibh.


agus, féach, guth ó neamh, adubhairt, Is é seo mo Mhac ionmhain ’n‐a bhfuil mo mhór‐aoibhneas.


Agus do bhí na Fairisínigh, dream do bhí tugtha do’n tsainnt, do bhí siad ag éisteacht leis na neithibh sin uile; agus do‐rinneadar magadh faoi.


Agus do chruinnigh Píoláid uachtaráin na sagart, agus na ceann‐phuirt, agus na daoine le chéile, agus adubhairt sé leo,


Agus duine de na cuirptheachaibh do crochadh thug sé masla dhó, g‐á rádh, Nach tusa an Críost? saor thú féin agus sinne.


Druididh leis, cloch shír‐bheo, d’ar dhiúltuigh na daoine, acht atá toghtha, luachmhar i bhfiadhnaise Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí