Agus an t-é a dhéarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfar dó é; ach an t-é a dhéarfaidh i n-aghaidh an Spioraid Naoimh é, ní maithfar dó é, ar an saoghal so ná ar an saoghal atá le teacht.
Matha 8:20 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus deir Íosa leis: Táid pluaiseana ag na sionachaibh agus neadacha ag éanlaithibh an aéir, agus ní’l ag Mac an Duine áit ar a leigfeadh sé a cheann. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus arsa Íosa leis, “Bíonn uachaisí ag na madraí rua, agus neadacha ag éanlaith an aeir; ach níl aon áit ag Mac an duine a leagfaidh sé a cheann.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus deir Íosa leis: Tá plothógaí ag na sionnaigh, agus tá neadracha ag éanacha an aeir: acht ag Mac an Duine ní fhuil áit ar a leagfadh sé a cheann. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt Íosa leis, Atá uachaise ag na sionnachaibh, agus atá neada ag éanlaithibh na spéire; acht ní fhuil ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a deir Iósa ris, Atáid fúachaisighe ag na sionnchaibh, agus neid ag eanlaithibh a naiéir; achd ní bhfuil áit ag Mac an duine ann a gcúirfeadh sé a cheann. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa leis: “Tá prochóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.” An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa leis: “Tá pruchóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.” |
Agus an t-é a dhéarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfar dó é; ach an t-é a dhéarfaidh i n-aghaidh an Spioraid Naoimh é, ní maithfar dó é, ar an saoghal so ná ar an saoghal atá le teacht.
Óir, fé mar a bhí Iónas trí lá agus trí oidhche i mbolg an mhíolmhóir, beidh Mac an Duine trí lá agus trí oidhche i gcroidhe na talmhan.
Agus d’fhreagair sé agus dubhairt: Isé Mac an Duine a chuireann an síol fóghanta.
Agus tháinig Íosa isteach i gcríochaibh Chaesaréa Philippí; agus do cheistigh sé a dheisgiobuil, agus dubhairt: Cé h-é, dar le daoine, Mac an Duine?
Óir tá Mac an Duine chun teacht i nglóire a Athar mar aon le n-a aingealaibh; agus ansan tabharfaidh sé do gach duine do réir a ghníomhartha.
Agus ag teacht anuas ó’n gcnoc dóibh dubhairt Íosa leo: Ná h-innsidh d’aoinne an radharc go n-eirighidh Mac an Duine ós na mairbh.
Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim libh, sibh-se do lean mé, sa n-aithgheineamhaint, nuair a shuidhfidh Mac an Duine i gcathaoir a ghradaim, súidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil.
Óir an t-é go mbeidh náire air mar gheall orm-sa agus ar mo bhréithre i láthair an tsleachta so atá adhaltranach peacamhail, beidh náire ar Mhac an Duine uime sin nuair a thiocfaidh sé i nglóire a Athar i bhfochair na n-aingeal naomhtha.
Agus deirim libh: An uile dhuine d’admhóchaidh mise os cómhair daoine, admhóchaidh Mac an Duine eisean os cómhair aingeal Dé.
Deirim libh go gcuirfidh sé ceart i bhfeidhm dóibh go mear. Ach sa n-am gcéadna, nuair a thiocfaidh Mac an Duine an dóigh leat an bhfaghaidh sé creideamh ar talamh?
Agus seo cómhartha dhaoibh: Gheobhaidh sibh an leanbh fillte i n-éadaighibh ’n-a luighe i mainséar.
Agus thánadar ar luas, agus do fuaradar Muire agus Ióseph, agus an leanbh ’n-a luighe sa mhainséar.
Agus do rug sí a mac, a céadghein, agus d’fhill sí i n-éadaighibh é, agus chuir sí ’n-a luighe i mainséar é, mar ní raibh aontslígh dhóibh sa tigh ósda.
Déinidh faire, d’á bhrígh sin, ag dhéanamh úrnuighthe coitchianta, ionus gur bhfiú sibh dul ó sna neithe sin go léir atá te teacht, agus seasamh i láthair Mhic an Duine.
Agus Ióanna, bean Chúsa, stíobhard Héróid, agus Súsanna, agus a lán eile ban, agus iad ag friothálamh air as a ngustal féin.
Agus dubhairt Íosa leis: Táid poill talmhan ag na madraíbh ruadha, agus a neadacha ag éanlaithe an aeir, ach ag Mac au Duine ni’l áit ’n-a leigfeadh sé a cheann.
Agus dubhairt sé leis: Go deimhin deimhin adeirim libh, chífidh sibh na flaithis ar osgailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.
D’fhreagair na daoine é: D’airigheamair-ne as an ndlígh Críost a bheith ann do shíor: agus conus a deirir-se nach foláir Mac an Duine d’árdú? Cé h-é an Mac san an Duine?
Agus nuair a bhí sé imthighthe amach dubhairt Íosa: Tá glóire fághalta anois ag Mac an Duine, agus tá glóire fághalta ann ag Dia.
Agus níor chuaidh aoinne suas ar neamh ach an t-é a tháinig anuas ó neamh, Mac an Duine atá an neamh.
Agus fé mar a dhein Maois an t-athair nimhe do chur anáirde sa bhfásach, sin mar a chaithfar Mac an Duine do chur anáirde;
Ná saothruighidh an bia a théigheann ar neamhnídh, ach saothruighidh an bia marthanach a thugann beatha shíoruidhe, an bia a thabharfaidh Mac an Duine dhaoibh. Óir is air sin a chuir Dia, an t-Athair, séala.
Ansan bhí na Iúdaigh ag aighneas eatartha féin, agus deiridís: Conus is féidir dó so a chuid feóla féin a thabhairt le n-ithe dhúinn?
Agus do thuig Íosa ann féin go raibh a dheisgiobuil ag gluaireán mar gheall ar an nídh sin, agus dubhairt sé leó: An dtugann an méid sin sgannal daoibh?
Ansan do chuireadar liú árd asta agus do chuireadar a lámha ar a gcluasaibh agus do rithadar i n-aonfheacht chuige,