Eoin 6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL VI. Bia á thabhairt ag Críost do chúig mhíle duine a’ chúig bulógaibh. É ag siúbhal ar an bhfaraige. É ag labhairt ar arán na beatha. 1 Tar éis na neithe sin d’imthigh Íosa treasna mara Ghaililí, ’sé sin Tiberias, 2 Agus do lean sluagh mhór daoine é, mar do chonacadar na mírbhúiltí a bhí aige ’á dhéanamh ar easlánaibh. 3 Agus d’imthigh Íosa an cnoc suas agus do shuidh sé i bhfochair a dheisgiobul. 4 Agus bhí an Cháisg, lá féile na n-Iúdach, ana-achmair. 5 Nuair a dh’árduigh Íosa a shúile, agus nuair a chonaic sé go raibh camtha mór daoine tagaithe chuige, dubhairt sé le Pilib: Cá gceannóchaimíd arán i dtreó go n-íosfid siad so rud? 6 ’Gha bhrath, ámhthach, iseadh adubhairt sé an chaint sin, óir bhí fhios aige féin cad a bhí beartuighthe aige a dhéanamh. 7 D’fhreagair Pilib é: Ní bheadh i luach dhá chéad pingin de bhulógaibh oiread agus thabharfadh blúire beag do’n duine acu. 8 Dubhairt duine dhá dheisgiobuil leis, Aindrias, driotháir Shímóin Peadar: 9 Tá buachaill anso agus tá chúig bulóga eórnan aige agus dhá iasg; ach cad é an fhaid le dul an méid sin ar oiread daoine? 10 Ansan dubhairt Íosa: Cuiridh na daoine ’n-a suidhe. Bhí mórán féir sa n-áit. Shuidh na daoine síos, tímpal chúig mhíle duine. 11 Ansan do thóg Íosa an t-arán agus ghaibh sé buidheachas agus do rainn sé é ar na daoine agus iad ’n-a suidhe, agus na h-éisg ar an gcuma gcéadna, go rabhadar go léir sásta. 12 Nuair a bhíodar lán-tsásta dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Bailíghidh an mion-arán atá fágtha, sar a raghadh sé amú. 13 Do bhailígheadar, agus do líonadar dhá chiseán déag de’n mhion-arán a bhí as na chúig bulógaibh eórnan i ndiaidh na ndaoine do chaith an bia. 14 Ansan, nuair a chonaic na daoine sin gur dhein Íosa an mhírbhúilt, dubhradar: Gan amhras isé an fear so an fáidh atá le teacht sa domhan. 15 Nuair a bhí fhios ag Íosa, ámhthach, go rabhadar chun teacht agus breith air agus rí a dhéanamh de, d’imthigh sé uatha airís fé’n gcnoc i n’ aonar. 16 Agus nuair a bhí sé ’n-a thráthnóna do chuaidh a dheisgiobuil síos chun na faraige. 17 Agus chuadar ar bórd na luinge, agus chuadar treasna na faraige go Capharnaum; agus bhí an doircheacht ann feasda, agus ní raibh Íosa tagaithe chúcha. 18 Agus d’eirigh gaoth mhór, agus bhí an fharaige ag eirighe árd. 19 Agus nuair a bhí chúig stada fichid nó deich stada fichid d’iomramh déanta acu do chonacadar Íosa agus é ag siubhal ar an bhfaraige, i n-aice na luinge, agus tháinig sgannradh ortha. 20 Agus dubhairt sé leó: Mise atá ann; ná bíodh eagal oraibh. 21 Ansan dob’ áil leó é theacht chúcha isteach sa luing, agus láithreach, bhí an long ag an dtír go rabhadar ag dul ann. 22 Amáireach a bhí chúgainn do chonaic an tsluagh daoine a bhí ’n-a seasamh ar an dtaobh eile de’n fharaige ná raibh aon long eile ann ach an t-aon long amháin agus ná deaghaidh Íosa i n aonfheacht le n-a dheisgiobuil sa luing sin, agus nár imthigh inti ach a dheisgiobuil amháin; 23 Tháinig, ámhthach, loingeas eile ó Thiberias i n-aice na h-áite ’n-ar h-itheadh an t-arán, nuair a ghaibh an Tighearna buidheachas; 24 Agus nuair a chonaic an tsluagh ná raibh Íosa ná a dheisgiobuil sa n-áit, chuadar ar bórd na long agus thánadar go Capharnaum ag lorg Íosa. 25 Agus nuair a fuaradar é lastall de’n fharaige dubhradar leis: A Mháighistir, conus a tháinís chun na h-áite seo? 26 D’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé: Go deimhin deimhin adeirim libh, táthaoí a’m lorg-sa, agus ní mar gheall ar na mírbhúiltíbh a chonacabhair é, ach mar gheall ar na bulógaibh a dh’itheabhair agus do shásaimh sibh. 27 Ná saothruighidh an bia a théigheann ar neamhnídh, ach saothruighidh an bia marthanach a thugann beatha shíoruidhe, an bia a thabharfaidh Mac an Duine dhaoibh. Óir is air sin a chuir Dia, an t-Athair, séala. 28 Ansan dubhradar leis: Cad tá le déanamh againn ionus go ndéanfaimís obair Dé? 29 D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Sidí obair Dé, go gcreidfeadh sibh san t-é a chuir Dia uaidh. 30 Agus dubhradar leis: Má ’seadh cad é an cómhartha atá agat-sa dh’á dhéanamh, ionus go bhfeicfimís é agus go gcreidfimís ionat? Cad ’tá agat dh’á oibriú? 31 D’ith ár n-aithreacha manna sa bhfásach, mar atá sgríobhtha: Thug sé arán ó neamh dóibh le n-ithe. 32 Ansan dubhairt Íosa leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, ní h-é Maois a thug arán ó neamh daoibh, ach isé m’ Athair-se a thugann dhaoibh an t-arán fírinneach ó neamh. 33 Óir isé arán Dé an t-arán a thagann anuas ó neamh agus a thugann beatha do’n domhan. 34 Agus dubhradar leis: A Thighearna, tabhair dúinn an t-arán san i gcómhnuighe. 35 Ansan dubhairt Íosa leó: Mise arán na beatha; an t-é a thiocfaidh chúgham-sa ní bheidh ocras air; agus an t-é a chreidfidh ionam-sa ní bheidh tart air choidhche. 36 Ach dubhart libh go bhfeac-abhair mé agus ná creideann sibh. 37 Gach nídh d’á bhfuil tabhartha dhómh-sa ag m’ Athair tiocfaidh sé chúgham, agus an t-é a thiocfaidh chúgham ní chaithfead amach é. 38 Óir ní chun mo thoile féin a dhéanamh a thánag anuas ó neamh, ach chun go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé. 39 Agus sidé toil an Athar a chuir uaidh mise, ná leigfinn aon nídh dh’ár thug sé dhom a chailleamhaint, ach go ndéanfainn é thógáil suas an lá déanach. 40 Agus sidé toil m’ Athar, a chuir uaidh me, gach duine a chionn an Mac agus a chreideann ann, an bheatha shíoruidhe bheith aige agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach. 41 Agus bhí na Iúdaigh ag gluaireán ’n-a choinnibh toisg go ndubhairt sé: Is mise an t-arán beó a tháinig anuas ó neamh, 42 Agus dubhradar: Nách é seo Íosa mac Ióseph go bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Conus, d’á bhrígh sin, is féidir dó so a rádh, Do thánag anuas ó neamh? 43 Ansan d’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé leó: Ná bídhidh ag gluaireán eadraibh féin: 44 Ní fhéadfaidh aoinne teacht chúgham-sa gan an t-Athair a chuir uaidh mé ’ghá tharang chúgham, agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach. 45 Tá sgríobhtha ins na fáidhibh: Agus beid siad go léir d’á dteagasg ag Dia. Gach duine a chlois ó’n Athair agus d’ fhoghluim, tagann sé chúgham-sa. 46 Ní h-é go bhfeacaidh aoinne an t-Athair ach an t-é atá ó Dhia, do chonaic sé sin an t-Athair. 47 Go deimhin deimhin adeirim libh, An t-é a creideann ionam-sa tá an bheatha shíoruidhe aige. 48 Is mise arán na beatha. 49 D’ith bhúr n-aithreacha an manna sa bhfásach, agus fuaradar bás. 50 Sidé an t-arán a táinig anuas ó neamh, i dtreó má itheann aoinne é ná faghaidh sé bás. 51 Is mise an t-arán beó a tháinig anuas ó neamh. 52 Má itheann aon duine an t-arán so, mairfidh sé ar feadh na síoruidheachta; agus an t-arán a thabharfad-sa uaim isé mo chuid feóla féin é chun beatha an domhain. 53 Ansan bhí na Iúdaigh ag aighneas eatartha féin, agus deiridís: Conus is féidir dó so a chuid feóla féin a thabhairt le n-ithe dhúinn? 54 Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, mura n-ithidh sibh feóil Mhic an Duine agus mura n-ólaidh sibh a chuid fola ní bheidh beatha agaibh ionaibh. 55 An t-é a d’itheann mo chuid feóla-sa agus a dh’ólann mo chuid fola, tá beatha shíoruidhe aige, agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach. 56 Óir is bia go fíor mo chuid feóla, agus is deoch go fíor mo chuid fola. 57 An t-é a dh’itheann mo chuid feóla agus a dh’ólann mo chuid fola, cómhnuigheann sé ionam-sa agus cómhnuighim-se ann. 58 Fé mar a chuir an t-Athair atá beó mise uaidh agus go bhfuilim-se beó ó’n Athair, mar an gcéadna an t-é a dh’itheann mise, beidh sé beó de m’bárr-sa. 59 Sidé an t-arán a tháinig anuas ó neamh. Ní h-ionan agus mar a dh’ith bhur n-aithreacha manna, agus go bhfuilid siad marbh. An t-é a dh’itheann an t-arán so mairfidh sé ar feadh na síoruidheachta. 60 Dubhairt sé an chaint sin i gCapharnaum agus é ag teagasg sa tsinagóig. 61 Agus a lán d’á dheisgiobuil, nuair airigheadar an chaint, dubhradar: Is cruaidh an chaint í sin, agus cé fhéadfadh éisteacht léi? 62 Agus do thuig Íosa ann féin go raibh a dheisgiobuil ag gluaireán mar gheall ar an nídh sin, agus dubhairt sé leó: An dtugann an méid sin sgannal daoibh? 63 Ach má fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé an dtúis? 64 Isé an spioraid a dheineann beódhadh. Ní dheineann an fheóil tairbhthe ar bith. Na focail atá ráidhte agam libh, spioraid agus beatha iseadh iad. 65 Ach tá cuid agaibh-se ná creideann. Óir bhí fhios ag Íosa ó thusach cé’r bh’iad nár chreid, agus cé dhéanfadh é dhíol. 66 Agus dubhairt sé: Uime sin iseadh adubhart libh na féadfadh aoinne teacht chúgham mura mbeadh tabhartha ag m’Athair dó teacht. 67 Ansan do tharraing a lán d’á dheisgiobuil siar, agus níor shiubhladar leis a thuille. 68 Dubhairt Íosa d’á bhrígh sin leis an dáréag: An maith libh-se, leis, imtheacht? 69 Agus d’fhreagair Símón Peadar é: A Thighearna, cé chuige go raghaimíd? Is agat-sa atáid bréithre na beatha síoruidhe. 70 Agus creidimíd-ne agus tá fhios againn gur tu Críost Mac Dé. 71 D’fhreagair Íosa iad: Nár dheinear-sa an dáréag agaibh do thoghadh? 72 Agus tá duine agaibh ’n-a dhiabhal. Agus is ar Iúdás, mac Shímóin, Iscariót, a bhí sé ag caint. Óir isé sin a bhí chun é dhíol, agus gur dhuine de’n dáréag é. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society