Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 6:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus do lean sluagh mhór daoine é, mar do chonacadar na mírbhúiltí a bhí aige ’á dhéanamh ar easlánaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Agus bhí slua á leanúint, ó chonaic siad na comharthaí a rinne sé ar an dream a bhí breoite.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus lean sluagh mór é, de bhrígh go bhfaca siad na míorbhailte a rinne sé ar dhaoine a bhí easlán.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do lean sluagh mór daoine é, mar do chonnacadar na míorbhailtí do‐rinne sé ortha‐san do bhí breoite.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do lean buidhean mhór é, tré go bhfacadar na chomharthuidhe do rinne sé ar na dáoinibh éugcrúaidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Lean slua mór é mar chonaic siad na comharthaí a bhí sé a dhéanamh ar lucht tinnis.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 6:2
19 Tagairtí Cros  

Ach bhí a fhios san ag Íosa, agus d’imthigh sé as an áit sin; agus do lean mórán daoine é, agus do leighis sé iad go léir.


Agus do chruinnigh sluaighte móra, i dtreó go ndeaghaidh sé ar bórd na luinge bige agus gur shuidh sé ínti, agus gur sheasaimh an tsluagh go léir ar an dtráigh.


Agus tháinig sé amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, agus do leighis sé na daoine gan sláinte a bhí ortha.


Ansan nuair a tháinig sé anuas ó’n gcnoc do lean sluaighte móra é.


Ach chómh luath agus chuaidh seisean amach dhírigh sé ar an sgéal a dh’innsint agus do chraobhsgaoileadh, i dtreó nár fhéad Íosa dul isteach go puibilidhe sa chathair, agus gur fhan sé lasmuigh ins na h-áiteanaibh uaigneacha, agus gur chruinnigh na daoine chuige as gach áird.


Agus chonaic na daoine iad ag imtheacht, agus d’aithnigheadar iad, agus do ritheadar ’n-a gcuis, amach as na bailtibh go léir, chun na h-áite, agus bhíodar ann rómpa.


Ansan do chruinnigh na h-árdshagairt agus na Fairisínigh cómhairle, agus deiridís: Cad ’tá againn ’á dhéanamh, agus é seo ag déanamh a lán mírbhúiltí?


Agus uime sin do tháinig an tsluagh amach ’n-a choinnibh, mar d’airigheadar gur dhein sé an mhírbhúilt sin.


Agus bíodh gur dhein sé an oiread san mírbhúiltí os a gcómhair níor chreideadar ann;


Dhein Íosa an tusnú san ar a mhírbhúiltíbh i gCána na Gaililí, agus do thaisbeáin sé a chómhacht, agus do chreid a dheisgiobuil ann.


Agus nuair a bhí sé i n-Ierúsalem sa cháisg, lá na féile, do chreid a lán daoine i n-a ainim nuair a chonacadar na mírbhúiltí a bhí aige ’á dhéanamh.


Do dhein Íosa, i láthair a dheisgiobul, mórán eile mírbhúiltí ná fuil sgríobhtha sa leabhar so.


Tháinig an duine sin ag triall ar Íosa sa n-oidhche, agus dubhairt sé leis: A Rabbí, is eól dúinn gur ó Dhia a tháinís ad’ oide, mar ní fhéadfadh aon duine na mírbhúiltí a dheineann tusa do dhéanamh gan Dia bheith leis.


Ansan, nuair a chonaic na daoine sin gur dhein Íosa an mhírbhúilt, dubhradar: Gan amhras isé an fear so an fáidh atá le teacht sa domhan.


Amáireach a bhí chúgainn do chonaic an tsluagh daoine a bhí ’n-a seasamh ar an dtaobh eile de’n fharaige ná raibh aon long eile ann ach an t-aon long amháin agus ná deaghaidh Íosa i n aonfheacht le n-a dheisgiobuil sa luing sin, agus nár imthigh inti ach a dheisgiobuil amháin;


D’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé: Go deimhin deimhin adeirim libh, táthaoí a’m lorg-sa, agus ní mar gheall ar na mírbhúiltíbh a chonacabhair é, ach mar gheall ar na bulógaibh a dh’itheabhair agus do shásaimh sibh.


Agus dubhradar leis: Má ’seadh cad é an cómhartha atá agat-sa dh’á dhéanamh, ionus go bhfeicfimís é agus go gcreidfimís ionat? Cad ’tá agat dh’á oibriú?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí