Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Matha 17 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XVII. An t-Atharú gné ar Chríost. An leanbh a bhí n-a gheilt d’á leigheas aige. D’innis sé a pháis a bheith ag teacht, agus dhíol sé an didrachma.

1 Agus sé lá ’n-a dhiaidh san do thóg Íosa leis Peadar agus Séamus agus Eóin, a dhritháir-sin, agus do rug sé suas iad go bárr cnuic aoírd, fé leith,

2 Agus tháinig athrúghadh cló air ós a gcómhair. Agus tháinig taithneamh ’n-a ghnúis ar nós na gréine, agus d’iompuigh a chuid éadaigh chómh geal le sneachta.

3 Agus féach, do chonacadar Maois agus Elias agus iad ag caint leis.

4 Agus d’fhreagair Peadar agus dubhairt sé le h-Íosa: A Thighearna, is maith an bhail orainne bheith anso; má’s áil leat deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Mhaois, agus pubal d’Elias.

5 Le linn na cainte sin do rádh dhó, féach, do chlúdaigh sgamall soillseach iad; agus féach, guth as an sgamall, agus dubhairt: Sidé mo Mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann: éistidh leis.

6 Agus nuair airigh na deisgiobuil an guth, do thuiteadar ar a n-aghaidh, agus eagla mór ortha.

7 Agus tháinig Íosa agus chuir sé a lámh ortha, agus dubhairt sé leó: Eiríghidh, agus ná bíodh eagal oraibh.

8 Agus d’fhéachadar suas, agus ní fheacadar aoinne ach Íosa féin.

9 Agus ag teacht anuas ó’n gcnoc dóibh dubhairt Íosa leo: Ná h-innsidh d’aoinne an radharc go n-eirighidh Mac an Duine ós na mairbh.

10 Agus d’fhiafraigh na deisgiobuil dé: Agus cad chuige go ndeir na Sgríbhneóirí nách foláir Elias do theacht ar dtúis?

11 Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagra: Tiocfaidh Elias, agus ceartóchaidh sé gach nídh.

12 Ach deirim-se libh go dtáinig Elias cheana, agus níor aithnigheadar é, ach d’imireadar a dtoil air. Agus sin mar atá le fulang ag Mac an Duine uatha.

13 Ansan do thuig na deisgiobuil gur ar Eóin Baiste a bhí sé ag trácht leó.

14 Agus nuair a thánadar go dtí an sluagh, do tháinig chuige duine agus chaith sé é féin ar a ghlúinibh ’n-a láthair: A Thighearna, ar seisean, dein trócaire ar mo mhac; mar tá sé ’n-a gheilt, agus tá mórán pionóis air; agus tuiteann sé sa teine go minic, agus sa n-uisge go minic.

15 Agus thugas chun do dheisgiobul é, agus níor fhéadadar é leigheas.

16 Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Ó, a shliocht dhíth-chreidimh dho-theagasgtha, an fada a bheidh mé i n-bhúr measg? an fada a chuirfead suas libh? Tugaidh chúgham anso é.

17 Agus do smachtuigh Íosa an deamhan, agus d’imthigh sé as, agus bhí an mac leighiste as san amach.

18 Ansan tháinig na deisgiobuil ag triall ar Íosa, a gan fhios, agus dubhradar, Cad ’n-a thaobh nár fhéadamairne é chur amach?

19 Agus dubhairt Íosa leó: Mar gheall ar bhúr n-easba creidimh. Go deimhin adeirim libh, má bhíonn fiú oiread gráinne de shíol mustáird de chreideamh agaibh, déarfaidh sibh leis an gcnoc so, Aistirigh as so ansúd anonn, agus aistireóchaidh sé; agus ní bheidh aon rud ná beidh ar bhúr gcumas a dhéanamh.

20 Ach ní curtar amach an sórd so ach le h-úrnuighthe agus le trosgadh.

21 Agus nuair a bhíodar ’n-a gcómhnuidhe i nGaililí, dubhairt Íosa leó: Tá Mac an duine le tabhairt i lámhaibh daoine;

22 Agus cuirfid siad chun báis é, agus aiseireóchaidh sé an trímhadh lá. Agus tháinig buairt ana mhór ortha.

23 Agus nuair a thánadar go Capharnaum tháinig lucht na ndidrachma do ghlacadh ag triall ar Pheadar, agus dubhradar leis: Ná díolann bhúr máighistir-se an didrachma? Dubhairt seisean: Díolann.

24 Agus nuair a chuadar isteach sa tigh do labhair Íosa leis ar dtúis agus dubhairt: Cad a chítear duit-se, a Shímóin? righthe na talmhan, cé uatha go nglacaid siad cíos nó cáin? an ó n-a gclainn féin, nó ó dhaoinibh iasachta?

25 Agus dubhairt seisean: Ó dhaoinibh iasachta. Dubhairt Íosa leis: D’á bhrígh sin tá an chlann saor.

26 Ach i dtreó ná tabharfaimís sgannal dóibh, imthigh chun na faraige agus caith dubhán; agus an céad iasg a thiocfaidh aníos, tóg é; agus osgail a bhéal, agus gheobhair statér ann; tóg é sin agus tabhair dóibh sin é asam-sa agus asat féin.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí