Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 17:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Ach deirim-se libh go dtáinig Elias cheana, agus níor aithnigheadar é, ach d’imireadar a dtoil air. Agus sin mar atá le fulang ag Mac an Duine uatha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 ach táim ag insint daoibh go bhfuil Elía i ndiaidh teacht cheana féin, agus níorbh aithnid dóibh é, ach rinne siad a rogha rud leis. Is iad a lámha a imreoidh an bhail chéanna ar Mhac an duine freisin.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Acht deirim-se libh go dtáinic Elías cheana féin, agus níor aithin siad é, acht rinne siad a dtoil féin leis. Is amhlaidh a fhulaingeochas Mac an Duine uatha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 acht adeirimse libh go dtáinig Élias cheana, agus nior aithnigheadar é, acht d’imreadar a dtoil féin air. Is mas sin fhulaingeochas Mac an Duine uatha, leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Achd a deirimsi ribh, go dtáinic Elías cheana, agus nach ar aithnigheadar é, achd go ndearnadar a dtoil féin ris. Is mar sin fhuiléongas Mac an duine mar an gcéadna úatha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Ach deirim libh: tá Éilias tagtha cheana agus níor aithin siad é, ach a dtoil féin a imirt air. Agus ní taise do Mhac an Duine é, a mbeidh le fulaingt aige sin uathu freisin.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Ach deirim libh: tá Éilias tagtha cheana agus níor aithin siad é, ach a dtoil féin a imirt air. Agus ní taise do Mhac an Duine é, a mbeidh le fulaingt aige sin uathu freisin.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 17:12
25 Tagairtí Cros  

Agus nuair a dh’airigh Eóin, agus é gabhtha, oibreacha Chríost, chuir sé beirt d’á dheisgiobulaibh féin ag triall air, agus dubhairt sé leis:


Ansan do thosnuigh Íosa ar a thaisbeáint d’á dheisgiobuil nár bhfoláir é féin a dhul go Ierúsalem agus mórán d’fhulang ós na sínsearaibh agus ós na Sgníbh-neóiríbh agus ó uachtaránaibh na sagart, agus a chur chun báis, agus a aiseirighe an trímhadh lá.


Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagra: Tiocfaidh Elias, agus ceartóchaidh sé gach nídh.


Ansan do thuig na deisgiobuil gur ar Eóin Baiste a bhí sé ag trácht leó.


Agus cuirfid siad chun báis é, agus aiseireóchaidh sé an trímhadh lá. Agus tháinig buairt ana mhór ortha.


Agus ag teacht anuas ó’n gcnoc dóibh dubhairt Íosa leo: Ná h-innsidh d’aoinne an radharc go n-eirighidh Mac an Duine ós na mairbh.


Óir thaínig Eóin chughaibh i slígh na fíoraontachta, agus níor chreideabhair é; ach do chreid na puibliocánaigh agus na striapacha é; ach do chonacabhair-se, agus níor dheineabhair aithrighe ’n-a dhiaidh san ionus go gcreidfeadh sibh é.


Agus deir Íosa leis: Táid pluaiseana ag na sionachaibh agus neadacha ag éanlaithibh an aéir, agus ní’l ag Mac an Duine áit ar a leigfeadh sé a cheann.


Óir do tháinig Eóin Baiste agus ní raibh sé ag ithe aráin ’ná ag ól fíona; agus deirthí-se, Tá deamhan ann.


Is chun a choda féin a tháinig sé, agus níor ghlac a mhuintir féin é.


Do tugadh an duine sin a’ cómhairle chinnte agus a’ roimheólus Dé, agus do dheineabhairse é chéasadh chun bháis le lámaibh na gcuirptheach.


Bíod ’fhios agaibh go léir, agus ag pobul Israéil go léir, gur i n-ainim ár dTighearna Íosa Críost ó Nasaret, an t-é a chuireabhairse chun bháis, agus a thóg Dia ó sna mairbh, gur i n’ainim sin atá an duine sin ’n-a sheasamh os bhúr gcómhair ’n-a shláinte.


Cia’cu de sna fáidhibh nár dhein bhúr n-aithreacha géarleanmhaint air? Agus chuireadar chun báis na daoine a thargair dóibh teacht an Fhíon-Aoin seo a dheineabhair-se féin anois do bhrath agus do chur chun báis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí