Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 17:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Le linn na cainte sin do rádh dhó, féach, do chlúdaigh sgamall soillseach iad; agus féach, guth as an sgamall, agus dubhairt: Sidé mo Mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann: éistidh leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Ní raibh an focal as a bhéal, nuair bʼshiúd néal solasta os a gcionn, agus an glór amach as an néal a dúirt, “Is é seo mo Mhac ionúin, a bhfuil mo dhea-thoil ann; éistigí leis-sean.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Le linn é a bheith ag cainnt, féach, chuir néall soillseach a scáile ortha. Agus féach, guth as an néall, ag rádh: Is é seo mo Mhac múirneach ina bhfuil mo mhór-thaitneamh: éistigidh leis.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Le linn a chainnte, féach, do leath scamall lonnrach ortha: agus féach, an guth as lár an scamaill, adubhairt, Is é seo mo Mhac ionmhain, ’n‐a bhfuil mo mór‐aoibhneas; éistidh leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Suil do sguir seisean do labhairt, féuch, do theilg néull soillseach sgáile orrtha: agus feuch táinic guth as an néull, ag rádh, Ag so an Mac grádhach úd agamsa, an a bhfuil mo thoil mhaithe; Eisdigh ris.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 17:5
38 Tagairtí Cros  

Féach, mo sheirbhíseach, an t-é a thoghas, an t-é is ionmhuin liom, an t-é ar a bhfuil greann ó m’anam. Cuirfead mo spioraid air, agus fógróchaidh sé breitheamhantas dos na geintibh.


Agus nuair airigh na deisgiobuil an guth, do thuiteadar ar a n-aghaidh, agus eagla mór ortha.


Agus féach, guth as na flathais adubhairt: Isé seo mo mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann.


Agus tháinig an guth as na flathais: Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.


Agus, láithreach, d’fhéachadar ’n-a dtímpal agus ní fheacadar aoinne a thuille ach Íosa amháin ’n-a bhfochair.


Agus gur thúirling an Spioraid Naomh air i riocht corpartha, mar bheadh colúr, agus tháinig guth as an spéir: Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.


Óir do ghrádhuigh Dia an domhan chómh mór san gur thug sé a Aon Mhac féin uaidh, i dtreó, gach duine a chreidfeadh ann, na caillfí é, ach go mbeadh beatha shíoruidhe aige.


Tá grádh ag an Athair do’n Mhac agus tá gach nídh tabhartha ’n-a láimh dó aige.


Agus an t-Athair féin a chuir mé uaidh do thug sé fiadhnaise am’ thaobh. Agus níor chloiseabhair-se riamh a ghuth, ná ní fheacabhair a dhealbh.


Agus nuair a bhí an chainnt sin ráidhte aige do tógadh suas é os cómair a súl agus do ghlac sgamall as a radharc é.


Isé an Mhaois sin adubhairt le clainn Israéil: Tógfaidh Dia chúghaibh fáidh d’bhúr mbráithribh, mar mise; éistfidh sibh leis sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí