Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 17:23 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus nuair a thánadar go Capharnaum tháinig lucht na ndidrachma do ghlacadh ag triall ar Pheadar, agus dubhradar leis: Ná díolann bhúr máighistir-se an didrachma? Dubhairt seisean: Díolann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 agus cuirfidh siad chun báis é, agus tógfar an tríú lá é.” Agus chuir sin dobrón mór orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Agus nuair a tháinic siad go Capharnaum, tháinic lucht tógála an dá dhrachma chuig Peadar, agus dubhairt leis: Nach ndíolann bhur máighistir an dá dhrachma?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 agus cuirfid chum báis é, agus éireochaidh sé an treas lá. Agus do bhí cumha an‐mhór ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus muirfid síad é, achd an treas lá eírochaidh sé arís. Agus do ghabh dobhrón romhór íadsan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 go gcuirfidh siad chun báis é agus go n-éireoidh sé an treas lá.” Agus ghabh buaireamh mór iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 go gcuirfidh siad chun báis é agus go n‑éireoidh sé an treas lá.” Agus ghabh buaireamh mór iad.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 17:23
18 Tagairtí Cros  

Ansan do thosnuigh Íosa ar a thaisbeáint d’á dheisgiobuil nár bhfoláir é féin a dhul go Ierúsalem agus mórán d’fhulang ós na sínsearaibh agus ós na Sgníbh-neóiríbh agus ó uachtaránaibh na sagart, agus a chur chun báis, agus a aiseirighe an trímhadh lá.


Agus ag teacht anuas ó’n gcnoc dóibh dubhairt Íosa leo: Ná h-innsidh d’aoinne an radharc go n-eirighidh Mac an Duine ós na mairbh.


Agus tabharfaid siad dos na geintibh é le tarcaisniú, agus le sgiúrsáil, agus le céasadh ar chrois; agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá.


Agus dubhradar: A Uasail, is cuimhin linn go ndubhairt an feallaire úd nuair a bhí sé bheó: I gceann trí lá eireóchad airís.


Agus chrom sé ar a theagasg dóibh nár bhfoláir do Mhac an Duine mórán d’fhulang, agus na seanóirí ’ghá shéanadh, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí; agus go gcurfaí chun báis é, agus tar éis trí lá go n-eíreóchadh sé ó’n mbás.


Agus bhí sé ag teagasg a dheisgiobul, agus ’ghá rádh leó: Tabharfar Mac an Duine i lámhaibh daoine, agus cuirfid siad chun báis é, agus tar éis a mharbhuighthe eireóchaidh sé an treas lá.


Ach toisg gur labhras na neithe seo libh do líon bhúr gcroidhe de dhólás.


D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Leagaidh ar lár an teampal so, agus cuirfead suas é i n-aon trí lá amháin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí