Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 17:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus ag teacht anuas ó’n gcnoc dóibh dubhairt Íosa leo: Ná h-innsidh d’aoinne an radharc go n-eirighidh Mac an Duine ós na mairbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Nuair a bhí siad ag teacht anuas an sliabh, dʼordaigh Íosa dóibh, á rá, “Ná hinsígí faoin aisling do dhuine ar bith, go dtí go dtógtar Mac an duine ó mhairbh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus ag teacht anuas ó’n tsliabh dóibh, thug Íosa órdughadh dóibh, ag rádh: Ná h-innsigidh an taisbeánadh do dhuine ar bith go dtí go n-éirighidh Mac an Duine ó mharbhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus ag teacht anuas ó’n sléibh dóibh, thug Íosa rabhadh dhóibh, g‐á rádh, Ná h‐innsighidh an radharc do dhuine ar bith, nó go n‐aiséirighidh Mac an Duine ó na marbhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus an tráth thangadar a núas do tslíabh, do aithin Iósa dhióbh, ag radh, Na hinnisidh déinneach an ní do taidhbhridheadh dháoibh, no go néirghe Man an duine ó mharbhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraígí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 17:9
16 Tagairtí Cros  

Agus d’órduigh sé dóibh gan é chur i n-iúil.


Ach deirim-se libh go dtáinig Elias cheana, agus níor aithnigheadar é, ach d’imireadar a dtoil air. Agus sin mar atá le fulang ag Mac an Duine uatha.


Ach ní curtar amach an sórd so ach le h-úrnuighthe agus le trosgadh.


Agus cuirfid siad chun báis é, agus aiseireóchaidh sé an trímhadh lá. Agus tháinig buairt ana mhór ortha.


Agus nuair a thánadar go Capharnaum tháinig lucht na ndidrachma do ghlacadh ag triall ar Pheadar, agus dubhradar leis: Ná díolann bhúr máighistir-se an didrachma? Dubhairt seisean: Díolann.


Agus d’fhéachadar suas, agus ní fheacadar aoinne ach Íosa féin.


Agus deir Íosa leis: Táid pluaiseana ag na sionachaibh agus neadacha ag éanlaithibh an aéir, agus ní’l ag Mac an Duine áit ar a leigfeadh sé a cheann.


Agus dubhairt Íosa leis: Féach, ná h-innis d’aoinne é; ach imthigh agus taisbeáin tu féin do’n tsagart, agus tabhair an ofráil a dh’órduigh Maoís, mar fiadhnaise dhóibh-sin.


Agus thug sé foláramh dóibh gan a dh’innsint d’aoinne ’n-a thaobh.


Águs bhí sgárd ar a h-athair agus ar a máthair; ach dubhairt sé leó gan a dh’innsint d’aoinne cad a bhí tuitithe amach.


Agus le linn au ghutha do labhairt do fuaradh Íosa i n’aonar. Agus bhíodar-san ciúin, agus níor innseadar d’aoinne ins na laethanta san aon nídh de sna neithibh a chonacadar.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí