Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 17:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus sé lá ’n-a dhiaidh san do thóg Íosa leis Peadar agus Séamus agus Eóin, a dhritháir-sin, agus do rug sé suas iad go bárr cnuic aoírd, fé leith,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Agus sé lá ina dhiaidh sin, ghlac Íosa leis Peadar agus Séamas agus a dheartháir Eoin, agus threoraigh iad i leataobh go mullach ardsléibhe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus i gcionn shé lá gabhann Íosa chuige Peadar agus Séamus, agus Eoin a dhearbhráthair, agus bheir sé leis ar leith iad suas ar shliabh an-árd:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus sé lá ’n‐a dhiaidh sin, thug Íosa leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin a dhearbhráthair‐sean, agus do rug sé suas iad ar shléibh árd fá leith: agus do h‐athruigheadh a ghné os a gcómhair:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus a gcionn sé lá beiridh Iósa Peadar, agus Séumas, agus Eóin a dhearbhráthair, agus tréoruighidh sé íad ar leith go slíabh árd,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dheartháir Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dheartháir Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 17:1
10 Tagairtí Cros  

Agus tháinig athrúghadh cló air ós a gcómhair. Agus tháinig taithneamh ’n-a ghnúis ar nós na gréine, agus d’iompuigh a chuid éadaigh chómh geal le sneachta.


Agus thóg sé leis Peadar agus beirt mhac Sebedé agus thusnuigh sé ar bheith go buartha agus go brónach.


Agus bhí sé ’n-a shuidhe ar Chnoc na n-Olachrann ar aghaidh an teampail, agus bhí Peadar agus Séamus agus Eóin agus Aindrias ’ghá fhiafraighe dhe, ar leithligh:


Agus níor leis sé d’aoinne dul leis ach Peadar agus Séamus agus Eóin dritháir Séamuis.


Agus nuair a shrois sé an tigh níor leig sé aoinne isteach i n-aonfheacht leir ach Peadar agus Séamus agus Eóin, agus athair agus máthair an chailín.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí