Matha 8 - An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012Lobhar dá Leigheas 1 Tháinig sé anuas ón sliabh agus lean sluaite móra é. 2 Agus tháinig lobhar chuige ag umhlú síos ina láthair agus dúirt: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.” 3 Agus shín sé amach a lámh, agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú”; agus leigheasadh ón lobhra é láithreach. 4 Dúirt Íosa leis ansin: “Ná hinis do dhuine ar bith é, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin, agus déan an ofráil a dʼordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.” Giolla an Taoisigh Céid dá Leigheas 5 Tar éis dul isteach i gCafarnáúm dó, tháinig taoiseach céid chuige ag achainí air: 6 “A Thiarna,” ar seisean, “tá mo ghiolla ina luí sa bhaile ina phairiliseach agus é dá chrá go léanmhar.” 7 Dúirt Íosa leis: “Rachaidh mé ann dá leigheas.” 8 Ach dúirt an taoiseach céid dá fhreagairt: “A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí. Ná déan ach an focal a rá agus beidh mo ghiolla leigheasta. 9 Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.” 10 Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí dá leanúint: “Deirim libh go fírinneach, nach bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael. 11 Deirim libh, go dtiocfaidh mórán anoir agus aniar agus beidh siad ina suí chun boird le hAbrahám agus le hÍosác agus le Iacób i Ríocht na bhflaitheas; 12 ach clann na Ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.” 13 Dúirt sé leis an taoiseach céid ansin: “Imigh leat; agus bíodh agat de réir mar a chreid tú.” Agus ar an nóiméad sin féin, leigheasadh an giolla. Máthair Chéile Pheadair agus Mórán eile dá Leigheas 14 Ar dhul isteach i dteach Pheadair dó, chonaic Íosa máthair chéile Pheadair ina luí sa leaba agus an fiabhras uirthi. 15 Chuir sé a lámh ar a láimh, dʼfhág an fiabhras í, mʼéirigh sí agus rinne sí freastal air. 16 Nuair a bhí an tráthnóna ann, thug siad chuige mórán a raibh deamhain iontu, agus thiomáin sé na spioraid amach lena fhocal, agus iad seo uile a bhí tinn leigheas sé iad, 17 chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: “Thóg sé ár n-éagruais, agus dʼiompair sé ualach ár ngalar.” Ní hAspal go Cruatan a Fhulaingt 18 Nuair a chonaic sé slua ina thimpeall, dʼordaigh Íosa dul go dtí an taobh thall. 19 Tháinig scríobhaí chuige agus dúirt: “A Mháistir, leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.” 20 Dúirt Íosa leis: “Tá prochóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.” 21 Dúirt fear eile leis, duine de na deisceabail: “A Thiarna, bíodh cead agam dul ar dtús agus mʼathair a adhlacadh.” 22 Dúirt Íosa leis: “Lean mise, agus lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh.” Smacht ag Críost ar na Dúile 23 Ansin chuaigh Íosa ar bhord an bháid agus lean a dheisceabail é. 24 Agus tháinig, go tobann, suaitheadh chomh mór sin san uisce go raibh an bád dá múchadh ag na farraigí. Ach bhí sé féin ina chodladh. 25 Agus tháinig siad chuige dá mhúscailt ag rá: “A Thiarna, saor sinn, tá an bás chugainn!” 26 Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil eagla oraibh, a lucht an bheagán creidimh?” Dʼéirigh sé ina sheasamh ansin agus bhagair sé ar na gaotha agus ar an bhfarraige, agus bhí sé ina théigle mhór. 27 Bhí ionadh ar na fir agus deiridís: “Cén sórt duine é seo a rá go ndéanann na gaotha féin agus an fharraige rud air?” Na Deamhnaígh Ghadairéanacha 28 Nuair a bhí an taobh eile bainte amach aige, i dtír na nGadairéanach, tháinig faoina dhéin beirt a raibh deamhain iontu ag teacht amach as na tuamaí, agus iad chomh fiata sin nárbh fhéidir do dhuine ar bith an bóthar sin a ghabháil. 29 Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhac Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?” 30 Bhí, achar éigin uathu, tréad mór muc ar féarach, 31 agus rinne na deamhain achainí air: “Má thiománann tú amach sinn, cuir isteach i dtréad na muc sinn.” 32 Dúirt sé leo: “Amach libh.” Tháinig siad amach agus isteach leo sna muca, agus seo an tréad ar fad ina ruathar le fána isteach sa bhfarraige gur cailleadh san uisce iad. 33 Theith na mucaithe, chuaigh siad isteach sa chathair agus dʼinis siad an scéal ar fad mar gheall ar na deamhnaígh. 34 Agus seo amach muintir na cathrach go léir in araicis Íosa; ach nuair a chonaic siad é, dʼiarr siad air a gceantar féin a fhágáil. |
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.