Lúcás 18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XVIII. Ní foláir dúinn bheith ag guídhe chun Dé i gcómhnuíghe. Na Fairisínigh agus na puibliocánaigh. An chontabhairt ata i saidhbhreas. A radharc a thabhairt do’n dall. 1 Agus do labhair sé soluíd leó ar conus mar is ceart bheith coitchianta ag guidhe chun Dé, agus gan bheith cortha dhe. 2 Agus dubhairt sé: Bhí breitheamh i gcathair áirithe, agus ní raibh eagla Dé air ná beann ar dhaoine aige. 3 Agus bhí baintreach sa chathair chéadna, agus tháinig sí chuige agus dubhairt sí: Dein díoghaltas dom ar mo namhaid. 4 Agus ní déanfadh ar feadh abhfad. Ach ’n-a dhiaidh san dubhairt sé i n’aigne féin, Bíodh ná fuil eagla Dé orm ná beann ar dhaoine agam, 5 sa n-am gcéadna, ó tá an bhaintreach so a’m buaireamh déanfaidh mé ceart di, i dtreó ná beidh sí ag teacht choídhche go mbead ciapaithe aici. 6 Agus dubhairt an Tighearna leó: Cloiseann sibh cad dubhairt an breitheamh aincheart; 7 Agus an amhlaidh a dhéanfaidh Dia ríghneas agus gan ceart do chur i bhfeidhm d’á fhíoraonaibh féin, agus iad ag glaodhach air go ló agus d’oidhche? 8 Deirim libh go gcuirfidh sé ceart i bhfeidhm dóibh go mear. Ach sa n-am gcéadna, nuair a thiocfaidh Mac an Duine an dóigh leat an bhfaghaidh sé creideamh ar talamh? 9 Agus dubhairt sé an tsoluíd seo le raint daoine a bhí mainghíneach asta féin, mar dh’eadh go rabhadar fíoraonta, agus droch-mheas acu ar dhaoinibh eile: 10 Chuaidh beirt suas sa teampul chun úrnuighthe dhéanamh. Fairisíneach ab eadh duine acu agus puibliocánach ab eadh an duine eile. 11 Sheasaimh an Fairisíneach agus dhein sé a ghuidhe mar seo i n-a aigne féin: A Dhia, bheirim a bhuidheachas leat ná fuilim-se mar an chuid eile de sna daoine, bitheamhnaigh, lucht éagcóra, lucht adhaltranais, ar nós an phuibliocánaigh seo féin. 12 Deinim-se trosgadh dhá uair sa tseachtmhain: tugaim deachmhadh as a bhfuil agam. 13 Agus do sheasaimh an puibliocánach abhfad amach, agus níor bh’áil leis a shúile amháin d’iompáil suas chun na bhflathas, ach é ag bualadh a uchta agus a’ rádh: A Dhia, déin trócaire orm óir is peacach mé. 14 Deirim libh, do chuaidh sé sin abhaile ar staid na ngrást, murab ionan a’s an fear eile. Óir gach duine dh’árdóchaidh é féin, úmhlófar é; agus gach duine a dh’úmhlóchaidh é féin, árdófar é. 15 Agus bhíodar ag tabhairt na leanbh féin ag triall air go gcuirfeadh sé a lámh ortha; agus nuair chonaic na deisgiobuil an nídh sin bhíodar ’ghá gcosg. 16 Agus ghlaoidh Íosa chuige iad, agus dubhairt sé: Leigidh do sna leanbhaí teacht chúgham agus ná bídhidh ’gha gcosg; óir is d’á leithéidí sin rígheacht Dé. 17 Go deimhin adeirim libh: Aoinne ná glacfidh rígheacht Dé mar a dhéanfadh leanbh ní raghaidh sé isteach ann. 18 Agus cheistigh duine de sna priúnsaíbh é, agus dubhairt sé: A Mháighistir mhaith, cad tá le déanamh agam i dtreó go mbeidh an bheatha shíoruidhe agam? 19 Agus dubhairt Íosa leis: Cad chuige go ndeirir gur maith mé? Ní maith aoinne ach Dia amháin. 20 Táid na h-aitheanta agat: Ná dein marbhadh; Ná dein drúis; Ná dein guid; Ná tabhair fiadhnuise bhréige; Tabhair do t’athair agus dod’mháthair onóir. 21 Agus dubhairt seisean: Táid siad san go léir coimeádta agam ó m’ óige. 22 Nuair airigh Íosa an nídh sin dubhairt sé: Tá aon rud amháin i n-easnamh ort fós: Díol amach gach a bhfuil agat agus tabhair do sna bochtaibh é, agus beidh stór agat ar neamh; agus tar agus lean mise. 23 Nuair airigh seisean an méid sin tháinig buairt air, mar fear ana-shaidhbhir ab eadh é. 24 Agus nuair a chonaic Íosa an bhuairt air dubhairt sé: Cad é a dheacracht do lucht saidhbhris dul isteach i rígheacht Dé! 25 Is usa do chamal dul tré chró snáthaide ’ná do dhuine shaidhbhir dul isteach i rígheacht Dé. 26 Agus dubhairt an mhuintir a bhí ag éisteacht leis: Má ’seadh cé fhéadfaidh dul saor? 27 Agus dubhairt sé leó: Neithe nách féidir i láthair daoine is féidir i láthair Dé iad. 28 Agus dubhairt Peadar: Féac, d’fhágamairne gach aon rud agus do leanamair tusa. 29 Agus dubhairt sé leó: Deirim libh go fíor, ní’l aon duine a dh’fhág tigh ná muintir ná dritháracha ná bean ná clann ar son rígheachta Dé, 30 ná faighidh mórán níos mó ar an saoghal so, agus an beatha shíoruidhe sa tsaoghal atá le teacht. 31 Agus do thóg Íosa an dáréag, agus dubhairt sé leó: Féach, táimíd ag dul suas go Ierúsalem, agus cómhlíonfar gach nídh d’á bhfuil sgríobhtha ag na fáidhibh i dtaobh Mhic an Duine. 32 Óir tabharfar suas do sna geintibh é, agus tarcuisneófar é, agus sgiúrsálfar é, agus caithfar seilí air; 33 Agus tar éis é sgiúrsáil cuirfid siad chun báis é, agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá. 34 Agus níor thuigeadar-san aon nídh de sna neithibh sin, agus bhí an chaint sin foluighthe uatha agus níor thuigeadar na neithe a dubhradh. 35 Agus nuair a bhíodar ag teacht i gcómhgar do Ierichó do tharla go raibh dall i n-aice au bhóthair ag lorg déarca. 36 Agus nuair airigh sé an tsluagh ag gabháil thairis d’fhiafraigh sé cad ab é sin. 37 Agus dubhradar leis gur bh’é Íosa Nasareit a bhí ag gabháil an treó. 38 Agus do liúigh sé agus dubhairt sé: A Íosa, A Mhic Dáibhid, déin trócaire orm. 39 Agus na daoine a bhí ag gabháil thairis bhíodar ag bagairt air éisteacht, ach is amhlaidh do liúigh sé níba mhó, A Mhic Dáibhid, déin trócaire orm. 40 Agus do stad Íosa agus dubhairt sé é thabhairt chuige. Agus nuair a bhí sé ag teacht ’n-a chómhgar chuir sé an cheist chuige agus dubhairt sé: Cad ba mhaith leat mé dhéanamh duit? 41 Agus dubairt sé: Go bhfeicfinn, a Thighearna. 42 Agus dubhairt Íosa leis: Féach suas; do shlánuigh do chreideamh thu. 43 Agus fuair sé a radharc láithreach, agus do lean sé eisean ag moladh Dé; agus nuair a chonaic na daoíne go léir an nídh sin thugadar moladh do Dhia. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society