Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 18:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Deinim-se trosgadh dhá uair sa tseachtmhain: tugaim deachmhadh as a bhfuil agam.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Bím ag déanamh troscaidh faoi dhó gach seachtain, agus bím ag tabhairt an deichiú cuid de mo theacht isteach.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Troiscim dhá uair san tseachtmhain; bheirim deachmhaidhe as gach nídh dá bhfuil agam.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Do‐ghním troscadh dhá uair sa tseachtmhain, íocaim an deachmhadh ar gach a bhfaghaim.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Troisgim fá dhó ann sa tseachdmhuin, do bheirim deachmhuidh as gach ní dhá sealbhuighim.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 18:12
24 Tagairtí Cros  

Óir deirim libh mura mbeidh bhur bhfíoraontacht-sa níos lionmhaire ’ná fíoraontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas.


Seachnaidh agus ná deinidh bhúr bhfíoraontacht-sa os cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfí sibh, nó ní bheidh tuarasdal le fághail agaibh i láthair bhúr n-Athar atá ins na flathais.


Agus nuair a bheidh sibh ag déanamh trosgaidh ná bídhidh gruamdha ar nós na bhfeallairí; óir doirchighid siad a gceannacha, i dtreó go samhlóchadh na daoine iad a bheith ag déanamh trosgaidh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.


Agus nuair a dhéanfaidh sibh úrnuighthe, ná bídhidh mar na feallairí gur maith leó úrnuighthe dhéanamh ’n-a seasamh ins na sinagógaibh agus ag cúinníbh na sráideana, i dtreó go bhfeiceadh daoine iad. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.


Ansan do tháinig deisgiobuil le h-Eóin ag triall air, agus dubhradar: Cad chuige go ndeinimíd-ne agus na Fairisínigh trosgadh go minic agus ná deinid do dheisgiobuil-se trosgadh?


Ach is mairg daoibh, a Fhairisíneacha, óir cuireann sibh deachmhadh ar an miontuis agus ar an ruibh agus ar gach uile luibh, agus ní’l suim agaibh i mbreitheamhantas Dé ná i ngrádh Dé. Is amhlaidh ba cheart so do dhéanamh agus gan rúd do leigint ar lár.


Ní h-eadh, dar liom. Mar sin daoibh-se, nuair a bheidh gach nídh déanta agaibh mar atá órduighthe dhaoibh, abraidh: Seirbhísigh gan mhaith iseadh sinn; an rud a bhí fhiachaibh orainn a dhéanamh isé a dheineamair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí