Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do labhair sé leo as samhlaoid, g‐á chur i dtuigsin dóibh go mba cheart dóibh bheith ag guidhe i gcómhnaidhe, agus gan staonadh;

2 g‐á rádh, Do bhí breitheamh i gcathair áirithe, fear nach raibh eagla Dé sir ná beann ar dhaoinibh aige:

3 agus do bhí baintreabhach sa gcathair sin; agus is minic do thigeadh sí chuige, g‐á rádh, Déan ceart dom ar mo námhaid.

4 Agus ní dhéanfadh seisean é ar feadh tamaill: acht ’n‐a dhiaidh sin adubhairt sé leis féin, Gidh nach bhfuil eagla Dé orm, ná beann ar dhaoinibh agam;

5 ar a shon sin féin, de chionn go bhfuil an bhaintreabhach so ag déanamh buaidheartha dhom, déanfaidh mé ceart dí, ar eagla go gcrádhfaidh sí mé sa deireadh agus í ag sír‐theacht chugam.

6 Agus adubhairt an Tighearna, Éistidh le briathraibh breitheamhan na h‐éagcóra.

7 Agus an amhlaidh nach n‐agarfaidh Dia cruadh‐chás a mhuinntire toghtha féin bhíos ag glaodhach air de ló agus d’oidhche?

8 Adeirim libh go n‐agarfaidh sé go luath. Acht cheana, nuair thiocfas Mac an Duine, an bhfaighidh sé creideamh ar talamh?

9 Agus adubhairt sé an tsamhlaoid seo le dream a bhí muinighineach asta féin gur dhaoine fíréanta iad, agus ag a raibh tarcuisne ar chách eile:

10 Do chuaidh beirt suas do’n teampall chum urnaighe do dhéanamh; Fairisíneach ab eadh duine aca, agus poibleacán ab eadh an duine eile.

11 Do sheas an Fairisíneach agus do‐rinne sé a ghuidhe ’n‐a aigne féin ar an gcuma so, A Dhia, do‐bheirim a bhuidheachas leat nach mar a chéile mise agus daoine eile, foghlaidhthe, agus lucht éagcóra, agus lucht adhaltrannais, ná fós duine de shaghas an phoibleacáin seo.

12 Do‐ghním troscadh dhá uair sa tseachtmhain, íocaim an deachmhadh ar gach a bhfaghaim.

13 Acht d’fhan an poibleacán ’n‐a sheasamh i bhfad siar, agus ní dhéanfadh sé fiú amháin a shúile d’árdú chum neimhe, acht do bhí sé ag bualadh a uchta, agus g‐á rádh, A Dhia, déan trócaire orm‐sa, peacach.

14 Adeirim libh go ndeachaidh sé seo síos abhaile agus é fíréanuighthe de bhreis ar an duine eile: óir gach duine árdóchas é féin umhlóchar é, acht an té umhluigheas é féin árdóchar é.

15 Agus thug daoine a naoidheana chuige go gcuirfeadh sé a lámha ortha: acht nuair do chonnaic na deisceabail é, do chuireadar cosc leo.

16 Acht do ghlaodh Íosa chuige iad, agus adubhairt sé, Leigidh do na leanbhaibh teacht chugam, agus ná bidhidh g‐á gcosc: óir is le n‐a leithéidibh sin ríoghacht Dé.

17 Go fírinneach adeirim libh, An té nach nglacfaidh ríoghacht Dé ar nós leinbh bhig ní rachaidh sé isteach innti ar chor ar bhith.

18 Agus do cheistigh taoiseach áirithe é, g‐á rádh, A Mháighistir mhaith, céard atá le déanamh agam chum go mbéidh an bheatha shíorraidhe mar oighreacht agam?

19 Agus adubhairt Íosa leis, Cad chuige dhuit maith do thabhairt orm‐sa? Ní maith aoinneach acht Dia amháin.

20 Is eol duit na h‐aitheanta, Ná déan adhaltrannas, Ná déan dún‐mharbhadh, Ná déan goid, Ná tabhair fiadhnaise bhréige, Tabhair onóir dot’ athair agus dod’ mháthair.

21 Agus adubhairt seisean, Do chóimhlíonas na neithe sin uile óm’ óige.

22 Agus nuair do‐chuala Íosa é sin, adubhairt sé leis, Atá aon nidh amháin i n‐easnamh ort fós: díol a bhfuil agat, agus tabhair do na bochtaibh é, agus béidh ionnmhas ar neamh agat: agus tar, lean mise.

23 Acht ar n‐a chlos sin dó‐san, d’éirigh sé brónach go mór; óir do bhí sé an‐tsaidhbhir.

24 Agus nuair do chonnaic Íosa é, adubhairt sé, Cad é a dheacracht do lucht saidhbhris dul isteach i ríoghacht Dé!

25 Oir is fusa do chamall dul tré chró snátaide, ’ná do dhuine saidhbhir dul isteach i ríoghacht Dé.

26 Agus adubhairt siad‐san do bhí ag éisteacht leis, Má’s eadh, cia h‐é an duine gur féidir a shaoradh?

27 Acht adubhairt seisean, Neithe nach féidir le daoinibh is féidir le Dia iad.

28 Agus adubhairt Peadar, Féach, d’fhágamair‐ne ár mbailte féin, agus do leanamar thusa.

29 Agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Ní fhuil aon duine d’fhág teach, nó bean, nó dearbhráithre, nó athair, nó máthair, nó clann,

30 ar son ríoghachta Dé, nach bhfaghaidh i bhfad níos mó san aois seo, agus sa tsaoghal atá le teacht an bheatha shíorraidhe.

31 Agus do tharraing sé chuige an dáréag, agus adubhairt sé leo, Féach, atáimíd ag dul suas go h‐Iarúsalem, agus cóimhlíonfar gach uile nidh d’á bhfuil scríobhtha ag na fáidhibh i dtaobh Mhic an Duine.

32 Oir do‐bhéarfar é do na Págánachaibh, agus déanfar fonomhaid faoi, agus do‐bhéarfar droch‐íde air, agus caithfear seile air;

33 agus sciúrsálfaid é, agus marbhóchaid é: agus éireochaidh sé arís an treas lá.

34 Agus níor thuigeadar‐san rud ar bith de’n méid sin; agus do ceileadh brigh na cainnte ortha, agus níor léir dhóibh an méid adubhradh.

35 Agus tharla, ag druidim le Ierichó dhó, go raibh dall ’n‐a shuidhe ar leath‐taoibh an bhealaigh ag iarraidh déirce:

36 agus nuair d’airigh sé an sluagh ag gabháil thairis, d’fhiafruigh sé créad ba bhun leis.

37 Agus d’inniseadar dó gurbh é Íosa Nasardha do bhí ag gabháil thairis.

38 Agus do liúigh sé, g‐á rádh, A Íosa, a Mhic Dháibhi, déan trócaire orm.

39 Agus do bhagair siad‐san do bhí ar tosach air bheith ’n‐a thost: acht ba mhóide do ghlaodh sé, A mhic Dháibhi, déan trócaire orm.

40 Agus do stad Íosa, agus d’órduigh sé a thabhairt chuige: agus nuair tháinig sé i ngar dó, d’fhiafruigh sé dhe,

41 Créad ba mhian leat mise do dhéanamh dhuit? Agus adubhairt seisean, A Thighearna, mo radharc thabhairt dom.

42 Agus adubhairt Íosa leis, Bíodh do radharc agat: do shlánuigh do chreideamh thú.

43 Agus ar an láthair fuair sé a radharc, agus do lean sé é, agus é ag tabhairt glóire do Dhia: agus na daoine go léir, nuair do chonnacadar é, thugadar moladh do Dhia.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí