Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 18:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 ar a shon sin féin, de chionn go bhfuil an bhaintreabhach so ag déanamh buaidheartha dhom, déanfaidh mé ceart dí, ar eagla go gcrádhfaidh sí mé sa deireadh agus í ag sír‐theacht chugam.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 bím do mo chloí ag an mbaintreach seo, agus tabharfaidh mé a cearta di, ar eagla go gcuire sí den saol mé agus í ag síortheacht chugam.’”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Cidheadh, de bhrigh go bhfuil an bhaintreabhach seo mo bhodhradh, dhéanfaidh mé ceart léi, ar eagla go dtigeadh sí fá dheireadh agus mé a bhualadh dubh san aghaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Gidheadh do bhrígh go mbuaidhreann an bhaintreabhachsa mé dioghóla mé í, do chum nach dtiocfadh sé fá dheireadh dom bhuaidhreadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 sa n-am gcéadna, ó tá an bhaintreach so a’m buaireamh déanfaidh mé ceart di, i dtreó ná beidh sí ag teacht choídhche go mbead ciapaithe aici.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 ina dhiaidh sin, de chionn go mbíonn an bhaintreach seo do mo bhuaireamh, déanfaidh mé ceart di, le heagla go mbeadh sí ag teacht go deo ag crá mo chinn.’”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 ina dhiaidh sin, de chionn go mbíonn an bhaintreach seo do mo bhuaireamh, déanfaidh mé ceart di, le heagla go mbeadh sí ag teacht go deo ag crá mo chinn.’ ”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 18:5
9 Tagairtí Cros  

Acht ní thug seisean aon fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisceabail, agus d’iarradar air, Cuir chum siubhail í siúd; óir atá sí ag síor‐ghlaodhach ’n‐ár ndiaidh.


Adeirim libh, Muna n‐éireochaidh sé chum rud do thabhairt dó, toisc gur cara leis é, éireochaidh sé mar gheall ar a shíor‐thathant, agus do‐bhéarfaidh sé dhó cibé nidh atá uaidh.


agus do bhí baintreabhach sa gcathair sin; agus is minic do thigeadh sí chuige, g‐á rádh, Déan ceart dom ar mo námhaid.


Agus do bhagair siad‐san do bhí ar tosach air bheith ’n‐a thost: acht ba mhóide do ghlaodh sé, A mhic Dháibhi, déan trócaire orm.


ácht buailim mo cholann féin, agus cuirim fá smacht í, ar eagla, ar chor ar bith, go ndiúltóchaidhe dhom féin, thar a éis dom bheith ag seanmóiriú do dhaoinibh eile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí