Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 18:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus adubhairt sé an tsamhlaoid seo le dream a bhí muinighineach asta féin gur dhaoine fíréanta iad, agus ag a raibh tarcuisne ar chách eile:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Dʼinis sé an fáithscéal seo freisin do dhream a raibh muinín acu astu féin go raibh siad ina bhfíréin agus a mbíodh dímheas acu ar dhaoine eile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus labhair sé an fáithscéal seo fosta le dream áirithe a raibh muinighin acu astú féin amhail mar fhíréin, agus a tharcuisnigh daoine eile:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus fós ré dreim do sháoil iád féin bheith na bhfiréain, agus do tharcasinigh cách eile, a dubhairt sé an chosamhlachdsa:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus dubhairt sé an tsoluíd seo le raint daoine a bhí mainghíneach asta féin, mar dh’eadh go rabhadar fíoraonta, agus droch-mheas acu ar dhaoinibh eile:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Labhair sé an parabal seo freisin chun daoine áirithe a bhí teann astu féin a bheith fíréanta, agus gur bheag orthu cách eile:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Labhair sé an parabal seo freisin chun daoine áirithe a bhí teann astu féin bheith fíréanta, agus gur bheag orthu cách eile:

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 18:9
22 Tagairtí Cros  

Acht adubhairt seisean le h‐Íosa, agus fonn air a fhíréanú féin.


Agus dorinne na Fairisínigh agus na scríobhaidhthe gearán, g‐á rádh, Fáiltigheann an fear so roimh na peacachaibh, agus itheann sé ’n‐a gcuibhreann.


Agus adubhairt sé leo, Is sibh‐se an dream mhaoidheas as bhúr bhfíréantacht féin i bhfiadhnaise na ndaoine; acht is eol do Dhia bhúr gcroidheacha istigh: óir an nidh atá fá árd‐mheas i measc daoine, is gráin le Dia é.


Do sheas an Fairisíneach agus do‐rinne sé a ghuidhe ’n‐a aigne féin ar an gcuma so, A Dhia, do‐bheirim a bhuidheachas leat nach mar a chéile mise agus daoine eile, foghlaidhthe, agus lucht éagcóra, agus lucht adhaltrannais, ná fós duine de shaghas an phoibleacáin seo.


Agus nuair do chonnacadar uile sin, do bhíodar ag ceisneamh go mí‐chéadfach, g‐á rádh, Do chuaidh sé ar aoidheacht isteach ag fear atá ’n‐a pheacach.


Agus an Fairisíneach thug an cuireadh dhó, nuair do chonnaic sé sin, adubhairt sé ’n‐a inntinn féin, Dá mba fáidh an fear so, do bhéadh a fhios aige cia h‐í an bhean so atá ag baint leis, agus caidé an sórt í, gur peacach í.


D’fhreagair na h‐Iúdaigh agus adubhradar leis, Nach maith adeirimíd é gur Samáritánach thú, agus go bhfuil deamhan ionnat?


Agus do tharcuisnigheadar é, agus adubhradar, Is deisceabal dó thusa, acht is do Mhaois is deisceabail sinne.


D’fhreagradar‐san agus adubhradar leis, Is i bpeacaidhibh ar fad rugadh thusa, agus an ag tabhairt teagaisc dúinne atáir? Agus do chaitheadar amach é.


Agus adubhairt sé liom, Imthigh leat: óir cuirfead amach thú as so chum na gCineadhach i gcéin.


Óir, ar mbeith gan eolas ar fhíréantacht Dé dhóibh, agus iad d’iarraidh a bhfíréantacht féin do bhunadh, níor umhluigheadar d’fhíréantacht Dé.


Acht cad chuige dhuit‐se locht d’fhágháil ar do bhráthair? nó cad chuige dhuit dí‐mheas do chur ar do bhráthair? mar seasfaimíd uile os comhair cathaoireach breitheamhnais Dé.


An té itheas ná bíodh dí‐mheas aige ar an té nach n‐itheann; agus an té nach n‐itheann ná bíodh sé ag breith breithe ar an té itheas: óir atá glactha ag Dia leis.


Do mhairinn‐se beo, tráth, taobh amuigh de’n dlighe: acht le teacht na h‐aithne, d’aithbheodhuigh an peacadh, agus do chuadhas‐sa i n‐éag,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí