Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 18:32 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Oir do‐bhéarfar é do na Págánachaibh, agus déanfar fonomhaid faoi, agus do‐bhéarfar droch‐íde air, agus caithfear seile air;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

32 Mar tabharfar i lámha na nGintlithe é, agus beifear ag magadh faoi agus á náiriú agus ag caitheamh seile air;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

32 Óir bhéarfar suas do na cinidheacha é, agus dhéanfar magadh faoi, agus dhéanfar é a sciúrsáil, agus caithfear seileogaí air,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Oír do bhéarthar do na Cineadhachaibh é, agus do dhéuntar fonnomhad faoi, agus maisleóchthar é, agus géubhthar do shelighibh air:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Óir tabharfar suas do sna geintibh é, agus tarcuisneófar é, agus sgiúrsálfar é, agus caithfar seilí air;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

32 Óir tabharfar ar láimh do na gintlithe é, déanfar fonóid faoi, tabharfar easmailt dó, caithfear seilí air,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

32 Óir tabharfar ar láimh do na gintlithe é, déanfar fonóid faoi, tabharfar easmailt dó, caithfear seilí air,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 18:32
26 Tagairtí Cros  

Ó’n am sin amach do thosnuigh Íosa ar a mhíniú d’á dheisceablaibh gur ab éigean dó dul go h‐Iarúsalem, agus mórán d’fhulang ó na seanóiribh, agus ó na h‐árd‐shagartaibh, agus ó na scríobhaidhthibh, agus go gcuirfidhe é chum báis, agus go n‐aiséireochadh sé an tríomhadh lá.


agus do‐bhéarfaid do na Geintibh é le tarcuisniú, agus le sciúrsáil, agus le céasadh: agus, an treas lá éireochaidh sé arís.


agus do rug an chuid eile aca ar a sheirbhíseachaibh, agus thugadar droch‐íde ortha, agus do mharbhadar iad.


Annsin do chaitheadar seilí ’n‐a éadan air, agus do ghabhadar de dhornaibh air: agus do bhuail cuid aca buillí boise air,


agus do cheangladar é, agus thugadar suas do Phíoláid an riaghaltóir é.


Agus do thosnuigh cuid aca ar sheilí do chaitheamh air, agus ar a aghaidh d’fholach, agus ar a bhualadh le dornaibh, agus iad ’g‐a rádh, Déan fáidheadóireacht: agus do ghabh na h‐oifigigh é agus iad ag gabháil de bhuillibh baise air.


Agus go moch ar maidin, do chuaidh uachtaráin na sagart i ndáil cómhairle leis na seanóiribh, agus leis na scríobhaidhthibh agus leis an gcómhairle iomláin, agus do cheangladar Íosa, agus do rugadar leo é, agus thugadar do Phíoláid é.


agus sciúrsálfaid é, agus marbhóchaid é: agus éireochaidh sé arís an treas lá.


Agus d’éirigh a raibh sa gcruinniú, agus rugadar chum Píoláid é.


Agus do‐rinne Ioruath agus a chuid saighdiúir fonomhaid faoi, agus thugadar tarcuisne dhó, agus do chuireadar éadach geal air, agus do chuireadar ar ais chum Píoláid é.


Agus do bhí na daoine ’n‐a seasamh ag féachain. Agus do bhí na h‐uachtaráin, leis, ag tabhairt tarcuisne dhó, g‐á rádh, D’fhuascail an té seo daoine eile; fuascladh sé é féin, má’s é an Críost é, do thogh Dia.


Ar n‐a rádh sin dó, do bhuail duine de na h‐oifigeachaibh do bhí láithreach ’n‐a sheasamh, bhuail sé buille boise ar Íosa, g‐á rádh, An mar sin do‐bheir tú freagra ar an árd‐shagart?


Do threoruigheadar Íosa annsin ó Cháiafas isteach sa bPraetorium; agus do bhí moch na maidne ann; agus ní dheachadar féin isteach sa bPraetorium chum nach dtruailleochaidhe iad, acht go n‐íosfaidís an cháisc.


D’fhreagradar agus adubhradar leis, Muna mbéadh gur cuirptheach an fear so, ní thiubhraimís ar láimh duit é.


Ní dlistineach dúinne aon duine do chur chum báis: chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt Íosa, g‐á chur i n‐umhail cia an saghas báis do bhí i ndán dó.


D’fhreagair Píoláid, An Iúdach mise? Ba iad do chineadh féin agus na h‐árd‐shagairt thug ar láimh dom thú: créad atá déanta agat?


tugadh suas é de réir cómhairle cinnte agus réimh‐eolais Dé, agus do chrochabhair‐se agus do mharbhabhar é le láimh cuirptheach:


Dia Abrachaim, Dia Íosóig, agus Dia Iácóib, Dia ár sinnsear, thug sé glóir d’á sheirbhíseach Íosa; an té do bhraith eabhair‐se, agus do shéanabhair os cómhair Phíoláid, an tan do cheap sé a scaoileadh saor.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí