Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 18:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus an amhlaidh nach n‐agarfaidh Dia cruadh‐chás a mhuinntire toghtha féin bhíos ag glaodhach air de ló agus d’oidhche?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Agus nach dtabharfaidh Dia a gcearta dá dhaoine tofa, a bhíos ag glaoch air oíche agus lá? An mbeidh mórán moille air leo?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus nach ndéanfaidh Dia ceart dá fhíréin féin a bhíos ag scairtigh air lá agus oidhche, agus an mbéidh foighid aige ina gcás?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 A né nach déana Diá dioghaltas ar son a dháoine toghtha féin, éimhgheas air do lá agus doidhche, ge atá foighid aige na ttimcheall?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus an amhlaidh a dhéanfaidh Dia ríghneas agus gan ceart do chur i bhfeidhm d’á fhíoraonaibh féin, agus iad ag glaodhach air go ló agus d’oidhche?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is dʼoíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is d'oíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 18:7
31 Tagairtí Cros  

Agus muna mbéadh gur giorruigheadh na laethe sin, ní fuasclóchaidhe aon duine beo: acht ar son na bhfíréan toghtha giorróchar na laethe sin.


Óir éireochaidh Críostanna bréige, agus fáidhe bréige, agus taisbeánfaid‐sean cómharthaí agus iongantaisí móra, d’fhonn na fíréin toghtha féin do mhealladh, má’s féidir é.


D’á bhrigh sin, má’s eol daoibh‐se, atá go h‐olc, cionnas deagh‐bhronntanais do thabhairt d’bhúr gclainn, nach dóchaighe go mór go dtiubhraidh bhúr nAthair atá ar neamh deagh‐bhronntanais dóibh‐sean iarrfas air iad?


Ar an adhbhar sin, má’s eol daoibh‐se, agus sibh go h‐olc, deagh‐thabhartais do bhronnadh ar bhúr gclainn, nach mó go mór bhronnfas bhúr nAthair atá ar neamh an Spiorad Naomh ortha‐san iarras air é?


agus do bhí sí ’n‐a baintreabhaigh le ceithre bliadhna agus ceithre fichid; níor imthigh sí ó’n teampall, acht í ag adhradh d’oidhche agus de ló le troscadh agus le h‐urnaighthibh.


Agus nuair tosnóchar ar na neithibh sin, féachaidh i n‐áirde, agus tógaidh bhúr gcinn; óir atá bhúr bhfuascailt ag tarraing i ngar daoibh.


Cia h‐é chuirfeas cúis ar mhuinntir thoghtha Dé? Is é Dia fhíréanuigheas: cia h‐é dhaorfas?


D’á bhrigh sin, mar dhéanfadh clann toghtha Dé, naomhtha agus ionmhain, cuiridh umaibh croidhe trócaire, muinntearas, umhlacht, macántacht, fad‐fhulang;


ag guidhe go díoghraiseach dúinn d’oidhche agus de ló go bhfeicfimíd bhur n‐aghaidh, agus go gcuirfimíd bárr ar a bhfuil i n‐easnamh ar bhur gcreideamh.


má’s ceart le Dia buaidhirt do chur mar chúiteamh ar an dream chuireas buaidhirt oraibh‐se,


Bean atá ’n‐a baintreabhaigh dá ríribh, agus í fágtha ’n‐a h‐aonar’ cuireann sí a muinighin as Dia, agus leanann sí d’athchuingheachaibh agus d’urnaighthibh d’oidhche agus de ló.


Do‐bheirim buidheachas le Dia, d’á ndéanaim seirbhís le coinsias glan, fá mar rinne mo shinnsir, go mbím ag síor‐chuimhneamh ort im’ urnaighthibh d’oidhche agus de ló,


Is ar an adhbhar sin atáim ag fulang an uile nidh ar son na ndaoine atá toghtha, chum go bhfaighidh siad‐san, leis, an slánughadh atá i nÍosa Críost le glóir shíorraidhe.


Pól, seirbhíseach Dé, agus abstal Íosa Críost, do réir creidimh muinntire toghtha Dé, agus do réir eolais na fírinne atá do réir crábhaibh,


Peadar, abstal Íosa Críost, chum na muinntire atá ar deoraidheacht, i bPontus, i nGalátia, san Áise, agus i mBitínia,


Ní dhéanann an Tighearna moill i dtaobh a gheallamhna, do réir tuairme daoine áirithe fá mhoill; acht atá sé foidhneach linn, de bhrigh nach mian leis go gcaillfidhe aoinneach, acht go dtiocfadh an uile dhuine chum aithrighe.


Déanaidh gáirdeachas mar gheall uirthi, a fhlaitheasa, agus a naomha, sibh‐se a abstala agus sibh‐se a fháidhe; óir atá díoghaltas déanta uirthi ag Dia dhaoibh.


agus do ghlaodhadar de ghuth árd g‐á rádh, Cá fhaide dhuit, a Mháighistir naomhtha, fhírinnigh, gan breitheamhnas agus díoghaltas do dhéanamh ar lucht áitreabha na talmhan?


Uime sin is eadh bhíonn siad os cómhair righ‐chathaoireach Dé; agus bíonn siad ag déanamh seirbhíse dhó de ló agus d’oidhche ’n‐a theampall: agus an té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, cumhdóchaidh sé fá n‐a phailiún iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí