Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 18:37 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Agus d’inniseadar dó gurbh é Íosa Nasardha do bhí ag gabháil thairis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

37 Insíodh dó, “Is é Íosa as Nasair atá ag dul thart.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

37 Agus d’innis siad dó go raibh Íosa as Nasair ag dul thart.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

37 Agus dinniseadar dhó, gur ab é Iósa Nasardha do bhí gabháil thairis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Agus dubhradar leis gur bh’é Íosa Nasareit a bhí ag gabháil an treó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

37 Dúradh leis: “Tá Íosa an Nazórach ag dul thar bráid.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 18:37
11 Tagairtí Cros  

agus do chómhnuigh sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: chum go gcóimhlíonfaidhe na briathra adubhairt na fáidhe: goirfear Nasardha dhe.


agus nuair d’airigh sé an sluagh ag gabháil thairis, d’fhiafruigh sé créad ba bhun leis.


Agus do liúigh sé, g‐á rádh, A Íosa, a Mhic Dháibhi, déan trócaire orm.


Agus do chuaidh sé síos leo, agus tháinig sé go Nasair; agus do bhí sé umhal dóibh: agus do choimhéad a mháthair na briathra so uile ’n‐a croidhe.


Fuair Pilib Natanaél, agus adubhairt sé leis, Fuaramar an té úd ar ar scríobh Maois sa reacht, agus na fáidhe, Íosa Nasardha, mac Sheosaimh.


Agus do scríobh Píoláid tiodal, agus do chuir sé ar an gcrois é. Agus is é do bhí scríobhtha, ÍOSA NASARDHA, RÍ NA N‐IÚDACH.


A phobail Israel, éistidh leis na briathraibh seo: Íosa Nasardha, duine do mhol Dia dhaoibh leis na cumhachtaibh, agus leis na míorbhailtibh, agus leis na cómharthaibh, do‐rinne Dia tríd ’n‐bhúr measc, mar is eol daoibh féin;


bíodh a fhios agaibh go léir, agus ag pobal Israel go léir, gur i n‐ainm Íosa Críost Nasardha, an té do chrochabhair‐se, an té do thóg Dia ó na marbhaibh, gur ’n‐a ainm‐sean atá an duine seo ’n‐a sheasamh slán os bhúr gcómhair.


Óir dubhairt sé, I n‐am oireamhnach d’éisteas leat, Agus i ló an tslánuighthe do chabhruigheas leat. Féach, anois an t‐am oireamhnach; féach, anois lá an tslánuighthe; gan adhbhar tuislidh do thabhairt d’aon duine,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí