Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 18:39 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Agus do bhagair siad‐san do bhí ar tosach air bheith ’n‐a thost: acht ba mhóide do ghlaodh sé, A mhic Dháibhi, déan trócaire orm.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

39 Chuir an méid a bhí ar thosach an tslua milleán air, ag bagairt air bheith ina thost; ach bʼamhlaidh ba mhó a ghlaoigh sé in ard a chinn, agus dúirt sé, “A Mhic Dháibhí, déan trócaire ormsa.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

39 Agus na daoine a chuaidh i dtoiseach, bhagair siad air a bheith ina thost. Acht is amhlaidh is mó a scairt seisean: A Mhic Dháibhidh, déan trócaire orm.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

39 Agus an dream do bhí roimhe do imdheargadar é, ionnus go mbíadh se na thochd: achd is moide do éighmheadh seision sin, A mhic Dáibhi, déana trócaire oram.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Agus na daoine a bhí ag gabháil thairis bhíodar ag bagairt air éisteacht, ach is amhlaidh do liúigh sé níba mhó, A Mhic Dáibhid, déin trócaire orm.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

39 Agus iad seo a bhí i dtosach an tslua, bhí siad ag bagairt air a bheith ina thost, ach bʼamhlaidh ba mhóide a bhí seisean ag screadach: “A Mhac Dháiví bíodh trua agat dom!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

39 Agus iad seo a bhí i dtosach an tslua, bhí siad ag bagairt air bheith ina thost, ach b'amhlaidh ba mhóide a bhí seisean ag screadach: “A Mhic Dháiví bíodh trua agat dom!”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 18:39
16 Tagairtí Cros  

Iarraidh, agus do‐bhéarfar daoibh: loirgidh, agus do‐gheobhaidh sibh; cnagaidh, agus fosclóchar daoibh.


Agus adubhairt seisean leo, cad chuige a bhfuil eagla oraibh, a lucht an chreidimh bhig? Annsin d’éirigh sé, agus do bhagair sé ar na gaothaibh agus ar an bhfairrge; agus do bhí ciúnas mór ann.


Agus ag imtheacht d’Íosa as an áit sin, do lean beirt dall é ag éighimh, agus g‐á rádh, Déan trócaire orainne, a mhic Dháibhi.


Is mairg daoibh, a lucht na dlighe! óir do thógabhar libh eochair an eolais: ní dheachabhar féin isteach, agus do choisceabhar iad‐san do bhí ag dul isteach.


Agus do labhair sé leo as samhlaoid, g‐á chur i dtuigsin dóibh go mba cheart dóibh bheith ag guidhe i gcómhnaidhe, agus gan staonadh;


Agus thug daoine a naoidheana chuige go gcuirfeadh sé a lámha ortha: acht nuair do chonnaic na deisceabail é, do chuireadar cosc leo.


Agus do liúigh sé, g‐á rádh, A Íosa, a Mhic Dháibhi, déan trócaire orm.


Agus do stad Íosa, agus d’órduigh sé a thabhairt chuige: agus nuair tháinig sé i ngar dó, d’fhiafruigh sé dhe,


Agus do bhí roinnt de na Fairisíneachaibh adubhairt leis as lár an tsluaigh, A Mháighistir, bagair ar do dheisceablaibh.


Le linn cainnte dhó, tháinig duine de theaghlach uachtaráin na sionagóige, g‐á rádh, Atá t’inghean tar éis báis; ná cuir a thuilleadh buaidheartha ar an Máighistir.


D’impidheas ar an Tighearna ’n‐a thaobh sin trí h‐uaire go dtógfaidhe uaim é,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí