Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 18:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Go fírinneach adeirim libh, An té nach nglacfaidh ríoghacht Dé ar nós leinbh bhig ní rachaidh sé isteach innti ar chor ar bhith.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 Deirim go fírinneach libh, mura nglacann duine le ríocht Dé ar nós páiste, ní rachaidh sé isteach inti ar chor ar bith.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Amén adeirim libh: Cibé nach nglacfaidh ríoghacht Dé chuige ar nós leinbh, ní rachaidh sé isteach inntí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 A deirim ribh go fírinneach, Gidh bé nach géubha chuige rioghachd Dé mar náoidheanán nach racha sé go bráth a sdeach innte.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Go deimhin adeirim libh: Aoinne ná glacfidh rígheacht Dé mar a dhéanfadh leanbh ní raghaidh sé isteach ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

17 Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 18:17
8 Tagairtí Cros  

agus adubhairt sé, Go fírinneach adeirim libh, Muna n‐iompuighidh sibh, agus bheith ar nós na leanbh, ní rachaidh sibh isteach i ríoghacht neimhe ar chor ar bith.


Acht adubhairt Íosa, Leigidh do na leanbhaibh beaga teacht chugam‐sa, agus ná cuiridh cosc leo: óir is le n‐a leithéidibh sin ríoghacht na bhflaitheas.


Adeirim libh go fírinneach, Cibé duine nach nglacfaidh ríoghacht Dé ar nós leinbh, nach rachaidh sé isteach innti choidhche.


Acht do ghlaodh Íosa chuige iad, agus adubhairt sé, Leigidh do na leanbhaibh teacht chugam, agus ná bidhidh g‐á gcosc: óir is le n‐a leithéidibh sin ríoghacht Dé.


A bráithre, ná bidhidh ’n‐bhur leanbhaibh do réir tuigseana: acht i dtaobh mailíse bidhidh ’n‐bhur leanbhaibh, acht i dtaobh tuigseana cinn, bidhidh ’n‐bhur ndaoinibh fásta.


mar dhéanfadh clann umhal, gan géilleadh do na sean‐ainmhiantaibh do chleachtabhar ’n‐bhur n‐ainbhfios;


agus gach fuar‐chrábhadh, agus éad, agus gach bíodán, agus, mar dhéanfadh naoidheanáin nua‐bheirthe, cuiridh dúil san mbainne spioradálta úr‐ghlan, gan cealg, chum go bhfásfaidh sibh chum slánuighthe d’á bhárr;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí