Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 18:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Sheasaimh an Fairisíneach agus dhein sé a ghuidhe mar seo i n-a aigne féin: A Dhia, bheirim a bhuidheachas leat ná fuilim-se mar an chuid eile de sna daoine, bitheamhnaigh, lucht éagcóra, lucht adhaltranais, ar nós an phuibliocánaigh seo féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Sheas an Fairiséach agus ghuigh sé leis féin mar seo leanas, ‘A Dhia liom, beirim buíochas leat nach ionann mise agus na fir eile, lucht an airgid lochtaigh, lucht na gclaonbhreitheanna, lucht an adhaltranais, nó daoine mar an bailitheoir cánacha seo anseo.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Sheasuigh an Fairisíneach agus ghuidh sé leis féin mar seo: A Dhia, bheirim buidheachas duit nach bhfuil mé mar an chuid eile de na daoine: creachadóirí, lucht éagcóra, adhaltrannaigh, ná fosta mar an phuibliocánach seo;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Do sheas an Fairisíneach agus do‐rinne sé a ghuidhe ’n‐a aigne féin ar an gcuma so, A Dhia, do‐bheirim a bhuidheachas leat nach mar a chéile mise agus daoine eile, foghlaidhthe, agus lucht éagcóra, agus lucht adhaltrannais, ná fós duine de shaghas an phoibleacáin seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Ar seasamh don Phairisíneach do bhí sé guidhe mar so leis féin, A Dhiá, beirim buidheachas riot, nach bhfuilim mar atáid dáoine eile, a luchd fuáduigh, éugcórach, adhaltrannach, nó fós mar an bpuibliocánachsa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin: ‘A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n-adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin: ‘A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n‑adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 18:11
26 Tagairtí Cros  

Séamus mac Sebedé, agus Eóin a dhritháir, Pilib agus Partholán, Tomás, agus Maitiú an puibliocánach, Séamus mac Alphéis, agus Taddeus,


Óir deirim libh mura mbeidh bhur bhfíoraontacht-sa níos lionmhaire ’ná fíoraontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas.


Agus nuair a dhéanfaidh sibh úrnuighthe, ná bídhidh mar na feallairí gur maith leó úrnuighthe dhéanamh ’n-a seasamh ins na sinagógaibh agus ag cúinníbh na sráideana, i dtreó go bhfeiceadh daoine iad. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.


Agus nuair a stadfaidh sibh chun úrnuighthe dhéanamh, má bhíonn aon nídh agaibh i gcoinnibh aoinne, maithidh dó é; ionus go maithfeadh bhúr n-Athair atá ins na flathais bhúr bpeacaí dhaoibh-se.


Sloigid siad tighthe na mbaintreach, ’ghá leigint ortha úrnuighthe fada do rádh. Isiad a gheobhaidh an daor-bhreith is troime.


Agus d’imthigh sé féin uatha tímpal faid urchair cloiche, agus tháinig sé ar a ghlúinibh ag guidhe,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí