Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 18:33 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Agus tar éis é sgiúrsáil cuirfid siad chun báis é, agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 sciúrsálfar agus marófar é, agus an tríú lá éireoidh sé.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Agus i ndiaidh é a sciúrsáil, cuirfidh siad chun báis é, agus ar an treas lá éireochaidh sé arís.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 agus sciúrsálfaid é, agus marbhóchaid é: agus éireochaidh sé arís an treas lá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Agus ar na sgiúrsadh dhóibh muirfid é: achd éireóchaidh sé a ris an treas lá.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 agus tar éis a sciúrsála, cuirfear chun báis é, agus éireoidh sé an treas lá.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

33 agus tar éis a sciúrsála, cuirfear chun báis é, agus éireoidh sé an treas lá.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 18:33
7 Tagairtí Cros  

Ansan do thosnuigh Íosa ar a thaisbeáint d’á dheisgiobuil nár bhfoláir é féin a dhul go Ierúsalem agus mórán d’fhulang ós na sínsearaibh agus ós na Sgníbh-neóiríbh agus ó uachtaránaibh na sagart, agus a chur chun báis, agus a aiseirighe an trímhadh lá.


Agus dubhradar: A Uasail, is cuimhin linn go ndubhairt an feallaire úd nuair a bhí sé bheó: I gceann trí lá eireóchad airís.


Óir tabharfar suas do sna geintibh é, agus tarcuisneófar é, agus sgiúrsálfar é, agus caithfar seilí air;


Agus níor thuigeadar-san aon nídh de sna neithibh sin, agus bhí an chaint sin foluighthe uatha agus níor thuigeadar na neithe a dubhradh.


Ach bhí súil againne go raibh sé chun Israéil a d’fhuasgailt, agus n-a theannta san a’s uile sidé an trímhadh lá ó thuit na neithe sin amach.


Nuair adubhairt sé: Ní foláir Mac an Duine do thabhairt i láimh na bpeacach, agus é chéasadh, agus é dh’eirighe an trímhadh lá.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí