Matha 8 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla ChearaCaibidil VIII Glanann Críost an lobhar, agus leigheasann sé giolla an cheanntúra, máthair chéile Pheadair, agus mórán eile: ciúineann sé an stoirm ar an fhairrge, teilgeann sé deamhain amach as dhá dhuine, agus bheir sé cead do na deamhain dul isteach ins na muca. 1 Agus nuair a tháinic sé anuas de’n tsliabh, lean sluaighte móra é: 2 Agus féach, tháinic lobhar chuige, agus shléacht sé dó, ag rádh: A Thighearna, má’s áil leat, tig leat mé a dhéanamh glan. 3 Agus ag síneadh amach a láimhe do Íosa, leig sé air í, agus dubhairt: Is áil: Déantar glan thú. Agus san bhomaite bhí an lobhra glanta de. 4 Agus deir Íosa leis: Tabhair aire agus ná h-innis do dhuine ar bith; acht imthigh, taisbeán thú féin do’n tsagart, agus ofráil an tiodhlacadh a d’órduigh Maoise, mar fhiadhnaise dóbhtha-san. 5 Agus ar theacht isteach go Capharnaum dó, tháinic ceanntúir chuige, ghá ghuidhe, 6 Agus ag rádh: A Thighearna, tá mo ghiolla san bhaile ina luighe tinn le galar creathach, agus é fá phéin ghéir. 7 Agus deir Íosa leis: Rachaidh mé agus leigheasfaidh mé é. 8 Acht d’fhreagair an ceanntúir é, agus dubhairt: A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá faoi mo dhíon; acht abair amháin an focal, agus béidh mo ghiolla slán. 9 Óir is dhuine mise fosta atá faoi smacht, agus tá saighdiuirí fúm: agus deirim leis an fhear seo: imthigh, agus imthigheann sé; agus leis an fhear eile: tar, agus tig sé; agus le mo sheirbhíseach: déan seo, agus ghní sé é. 10 Ar a chluinstin sin do Íosa, bhí iongantas air, agus dubhairt sé leis an mhuinntir a bhí ghá leanamhaint: Amén, adeirim libh, ní fhuair mé a leithéid sin de chreidheamh i n-Israél. 11 Agus deirim libh go dtiocfaidh mórán as an oirthear agus as an iarthar, agus go suidhfidh siad síos le h-Abraham, le h-Isaac, agus le h-Iacób i ríoghacht na bhflaitheas: 12 Acht teilgfear clann na ríoghachta amach san dorchadas amuigh: béidh gol agus díoscarnach fiacal annsin. 13 Agus dubhairt Íosa leis an cheanntúir: Imthigh, agus bíodh duit do réir mar chreid tú. Agus fuair an giolla a shláinte ar an uair sin. 14 Agus nuair a tháinic Íosa go tigh Pheadair, chonnaic sé máthair a mhná ina luighe tinn le fiabhras: 15 Agus rug sé ar láimh léi, agus d’imthigh an fhiabhras dí; agus d’éirigh sí agus rinne freastal ortha. 16 Agus nuair a tháinic an tráthnóna, thug siad chuige mórán a raibh deamhain ionnta: agus theilg sé amach na spioraid le n-a fhocal: agus leigheas sé an méid a bhí easlán: 17 Ionnas go gcóimhlíontaí an rud a bhí ráidhte ag Isaias, fháidh, a dubhairt: Ghabh sé chuige ár n-éagcruadhais, agus d’iomchar sé ár ngalair. 18 Agus nuair a chonnaic Íosa sluaighte móra fá dtaoibh de, d’órdhuigh sé dul trasna an uisce. 19 Agus tháinic Scríobhaidhe áirithe, agus dubhairt leis: A Mháighistir, leanfaidh mé thú cibé ar bith áit a rachas tú. 20 Agus deir Íosa leis: Tá plothógaí ag na sionnaigh, agus tá neadracha ag éanacha an aeir: acht ag Mac an Duine ní fhuil áit ar a leagfadh sé a cheann. 21 Agus dubhairt duine eile dá dheisciobail leis: A Thighearna, leig damh-sa dul a chéadradh, agus m’athair a chur. 22 Acht dubhairt Íosa leis: lean mise, agus cuireadh na mairbh a gcuid marbh. 23 Agus nuair a chuaidh sé isteach san bhád, lean a dheisciobail é. 24 Agus féach, d’éirigh stoirm mhór ar an fhairrge, san chruth go raibh an bád dá múchadh ag na tonnaí: acht bhí seisean ina chodladh. 25 Agus tháinic a dheisciobail chuige, agus mhuscail siad é, ag rádh: A Thighearna, sábháil sinn, támuid dár gcailleadh. 26 Agus deir Íosa leo: Cad chuige a bhfuil eagla oraibh, a lucht an chreidimh bhig? Annsin d’éirigh sé, thug órdughadh do na gaotha agus don fhairrge, agus tháinic ciúineas mór. 27 Acht tháinic iongantas ar na fir, agus dubhairt siad: Cad é an cinéal duine é seo, óir tá na gaotha agus an fhairrge umhal dó? 28 Agus nuair a tháinic sé trasna an uisce go tír na nGeraisíní, casadh air beirt fhear a bhí i seilbh deamhan, ag teacht amach as na tuambaí, agus iad as cuimse fíochmhar, san chruth nárbh fhéidhir le h-aoinneach an bealach sin a ghabháil. 29 Agus féach, leig siad béic astú, ag rádh: Cad é an bhaint atá againne agus agat-sa le chéile, a Íosa, a Mhic Dé, an dtáinic tú le sinn a phianadh roimh an am? 30 Agus i ngar dóibh bhí tréad mór muc ag ingheilt. 31 Agus d’athchuing na deamhain air, ag rádh: Má theilgeann tú as seo sinn, cuir isteach sinn i dtréad na muc. 32 Agus dubhairt sé leo: Imthighigidh. Agus ar imtheacht amach dóibh, chuaidh siad isteach ins na muca; agus féach, rith an tréad uilig de dhearg-ruathar síos fánaidh isteach san fhairrge, agus cailleadh san uisce iad. 33 Agus theich na tréadaidhthe, agus ar theacht isteach san chathair dóibh, d’aithris siad gach nídh, agus fá dtaoibh díobhtha sin a bhí i seilbh na ndeamhan. 34 Agus féach, chuaidh an chathair uilig amach i n-airicis Íosa, agus nuair a chonnaic siad é, d’iarr siad air imtheacht as a dtír. |
rights held by the Bible Society in Northern Ireland
Bible Society in Northern Ireland