Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Eoin 3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL III. Caint Chríost le Nicodémus. Fiadhnaise Eóin.

1 Agus bhí duine de sna Fairisíneachaibh dár bh’ainim Nicodémus, agus priúnsa de sna Iúdaigh ab eadh é.

2 Tháinig an duine sin ag triall ar Íosa sa n-oidhche, agus dubhairt sé leis: A Rabbí, is eól dúinn gur ó Dhia a tháinís ad’ oide, mar ní fhéadfadh aon duine na mírbhúiltí a dheineann tusa do dhéanamh gan Dia bheith leis.

3 Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Go deimhin deimhin adeirim leat, mura mbéarfar duine an tarna h-uair, ní féidir dó rígheacht Dé a d’fheisgint.

4 Dubhairt Nicodémus leis: Conus ab féidir go mbéarfaí duine agus é ’n-a sheanduine? An amhlaidh fhéadfadh sé dul isteach airís i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saoghal an tarna h-uair?

5 Dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Go deimhin adeirim leat, mura n-aithgheintear duine ó uisge agus ó’n Spioraid Naomh, ní féidir é dhul isteach i rígheacht Dé.

6 An nídh a geintear ó’n bhfeóil is feóil é, agus an nídh a geintear ó’n Spioraid is spioraid é.

7 Ná dein iongna dhe go ndubhart leat: Ní foláir sibh a bhreith an tarna h-uair. Gluaiseann an Spioraid pé treó is áil leis.

8 Cloiseann tú a ghuth, ach ní h-eól duit cá dtagann sé na cá ngabhann sé. Sin mar atá ag gach duine a geintear o’n Spioraid.

9 D’fhreagair Nicodémus agus dubhairt sé: Conus is féidir na neithe sin a bheith amhlaidh?

10 Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Is oide i n-Israél tusa, agus ní h-eól duit na neithe sin?

11 Go deimhin deimhin adeirim leat, an nídh atá ar eólus againn gur b’é adeirimíd, agus an nídh a chonacamair gur b’air a dheinimíd fiadhnaise, agus ní ghlacann sibh an bhfiadhnaise.

12 Má innseas neithe saoghalta dhaoibh agus ná creideann sibh mé, conus a chreidfidh sibh mé má innsim neithe neámhtha dhaoibh?

13 Agus níor chuaidh aoinne suas ar neamh ach an t-é a tháinig anuas ó neamh, Mac an Duine atá an neamh.

14 Agus fé mar a dhein Maois an t-athair nimhe do chur anáirde sa bhfásach, sin mar a chaithfar Mac an Duine do chur anáirde;

15 I dtreó, gach duine a chreidfidh ann, ná caillfí é, ach go mbeadh beatha shíoruidhe aige.

16 Óir do ghrádhuigh Dia an domhan chómh mór san gur thug sé a Aon Mhac féin uaidh, i dtreó, gach duine a chreidfeadh ann, na caillfí é, ach go mbeadh beatha shíoruidhe aige.

17 Mar ní chun go dtabharfadh sé breith ar an saoghal a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saoghal, ach chun go ndéanfaí an saoghal do shaoradh tríd.

18 An t-é a chreideann ann, ní tugtar breith air; ach an t-é ná creideann, tá breith tabhartha air cheana féin, toisg nár chreid sé i n-ainim Mhic Dé, an t-Aon Ghein.

19 Agus sidí an breith, go dtáinig an solus ar an saoghal agus gur ghlac na daoine an doircheacht mar rogha roimis an solus, toisg a ngníomhartha bheith go h-olc.

20 Óir, gach aoinne a bhíonn ag déanamh an uilc bíonn fuath aige do’n tsolus, agus ní thagann sé chun an tsoluis le h-eagla go gcáinfí a ghniomhartha.

21 Ach an t-é a dheineann gníomh na fírinne tagann sé chun an tsoluis, i dtreó go dtaisbeánfaí a ghniomhartha, óir is i nDia a deineadh iad.

22 Ansan do thainig Íosa agus a dheisgiobuil isteach i dtalamh Iúdaéa agus bí sé ’n-a chómhnuighe ann mar aon leó agus ag déanamh baiste.

23 Agus bhí Eóin ag baisteadh na ndaoine i n-Aennon i n-aice Shalim, mar bhí cothrom uisge ann, agus thagadh na daoine ann agus do baistí iad.

24 Óir bhí Eóin fós gan cur isteach sa phríosún.

25 Agus d’eirigh aighneas idir dheisgiobuil le h-Eóin agus na Iúdaigh i dtaobh nígheacháin.

26 Agus thánadar ag triall ar Eóin agus dubhradar leis: A Rabbí, an t-é úd a bhí ad’ fhochair-se lastall de’n Iórdan agus gur dheinis fiadhnaise dhó, féach, tá sé sin ag déanamh baiste agus táid na daoine go léir ag dul ag triall air.

27 D’fhreagair Eóin agus dubhairt sé: Ní féidir do dhuine aon nídh do ghlacadh mura dtugtar dó é ó neamh.

28 Is fínnithe dhóm-sa sibh-se féin go ndubhart: Ní mise an Críost, ach is amhlaidh a cuireadh roimis amach mé.

29 An t-é go bhfuil an bhainchéile aige siné an céile; ach cara an chéile, atá ’n-a sheasamh ag éisteacht leis, glacann sé áthas mór ó ghuth an chéile. An t-áthas so d’a bhrígh sin atá orm-sa, tá sé iomlán.

30 Méadú is dual dó-san, luigheadú is dual dómh-sa.

31 An t-é a tháinig anuas, tá sé os cionn chách. An t-é atá ó’n dtalamh, is ó’n dtalamh atá sé, agus is neithe talmhanta a labhrann sé; an t-é a tháinig ó neamh, tá sé os cionn gach aoinne.

32 Agus an nídh a chonaic sé agus d’airigh sé, déineann sé fiadhnaise air; agus ní ghlacann aoinne a fhiadhnaise.

33 An t-é a ghlac a fhiadhnaise tá urúdhas déanta aige ar Dhia bheith fíor.

34 Óir an t-é a chuir Dia uaidh labhrann sé bréithre Dé; mar ní do réir tómhais a thugann Dia an Spioraid uaidh.

35 Tá grádh ag an Athair do’n Mhac agus tá gach nídh tabhartha ’n-a láimh dó aige.

36 An t-é a chreideann sa Mhac tá an bheatha shíoruidhe aige; an t-é, ámhthach, a dhiúltuigheann do chreideamhaint sa Mhac ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá fearg Dé socair air.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí