Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 3:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Go deimhin deimhin adeirim leat, mura mbéarfar duine an tarna h-uair, ní féidir dó rígheacht Dé a d’fheisgint.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Ba é freagra Íosa air sin, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, mura n‑athbheirtear an duine, ní fhéadann sé amharc a fháil ar ríocht Dé.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 D’fhreagair Íosa, agus dubhairt leis: Amén, amén, adeirim leat, muna ngeintear duine athuair, ní féidir dó ríoghacht Dé d’fheiceáil.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Go fírinneach adeirim leat, Muna ngeintear duine athuair, ní fhéadann sé ríoghacht Dé d’fheicsin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Do fhreaguir Iósa agus a dubhairt sé ris, Go deimhin, deimhin, a deirim riot, Muna gheintear duine a rís, nach éidir leis rioghachd Dé dfaicsin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Dʼfhreagair Íosa: “Áiméan, Áiméan,” ar sé leis, “mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.”

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 3:3
32 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis: Is aoibhinn duit, a Shímóin mhic Ióna, óir ní feóil agus fuil a dh’fhoillsigh duit-se sin, ach m’Athair-se atá ins na flathais.


Agus deirim airís libh é: Is usa do chamal gabháil tré chró snáthaide ’ná do’n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas.


Dubhradar-san: An chéad fhear. Dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim-se libh-se, raghaid na puibliocánaigh agus na striapacha isteach i bhflathas Dé rómhaibh-se.


Óir deirim libh go fírinneach, go dtí go dtéidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh ná raghaidh aon ióta amháin ná aon phúnc amháin de’n dlígh ar neamhnídh, go dtagaidh a h-iomláine chun cinn.


Agus chonaic Íosa iad, agus ghlac sé díombádh, agus dubhairt sé leó: Leigidh chúgham na leanbhaí, agus ná bídhidh ghá gcosg, óir is d’á leithéidí sin flathas Dé.


An áit ná h-éagann an phiast acu, agus ná múchtar an teine.


Nác a’ folaibh, ná a’ toil na colna, ná ó thoil fir, a shíolradar, ach ó Dhia.


Agus taithneann an solus sa dorchadas, agus níor ghlac an dorchadas é.


Agus dubhairt sé leis: Go deimhin deimhin adeirim libh, chífidh sibh na flaithis ar osgailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.


Do dhall sé a súile, agus do dhúr sé a gcroidhe, sar a bhfeicfidís le n-a súilibh agus sar a dtuigfidís ’n-a gcroidhe, agus go n-iompóchaidís, agus go saorfainn iad.


Dubhairt Nicodémus leis: Conus ab féidir go mbéarfaí duine agus é ’n-a sheanduine? An amhlaidh fhéadfadh sé dul isteach airís i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saoghal an tarna h-uair?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí