Gníomhartha 7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL VII. Cainnt Stiopháin os cómhair na cómhairle; a mhartra. 1 Ansan dubhairt uachtarán na sagart: An bhfuil so amhlaidh? 2 Dubhairt seisean: A feara, a bhráithre agus a aithreacha, éistidh liom! Do thaisbeáin Dia na glóire é féin d’ár n-athair Ábraham nuair a bhí sé i Mesopotámia sar ar chómhnuigh sé i gCaran, 3 Agus dubhairt sé leis: “imthigh as do thír agus ó d’ghaoltaibh agus tar isteach sa tír a thaisbeánfad duit.” 4 Ansan d’fhág sé tír na gCaldaéach agus chómhnuigh sé i gCaran. Agus nuair a fuair a athair bás d’aistirigh sé é chun na tíre seo ’na bhfuiltí-se anois i nbhur gcómhnuighe. 5 Agus níor thug sé seilbh oighreachta dhó ann, oiread agus ciscéim troíghe, ach do gheall sé go dtabharfad sé seilbh na h-áite dó féin agus d’á shlocht ’n-a dhiaidh, agus gan mac aige. 6 Ach dubhairt Dia leis: Go mbheadh a slocht ’n-a gcómhnuighe i ndúthaigh iasachta agus go gcurfí fé dhaorsmacht iad agus go dtabharfí droch-úsáid dóibh ar feadh cheithre chéad blian. 7 agus an náisiún agá mbeid siad fé dhaoirse, tabharfadsa breith ortha, adubhairt an Tighearna, agus ’n-a dhiaidh san tiocfaid siad amach agus beid siad ag déanamh seirbhíse dhómhsa sa n-áit seo. 8 Agus thug sé dhó connradh an tímpallghearradh, agus mas sin de ghein sé Isaac agus do dhein sé an tímpallghearradh air an t-ochtmhadh lá, agus Isáac Iácób, agus Iácchbh an dáréag pátriárc. 9 Agus tháinig formad ag na pátriárcaibh do Ióseph agus dhíoladar é isteach sa n-Éigipt. 10 Agus bhí Dia leis, Agus d’fhuasgail sé é as gach guais d’á dtáinig air, agus thug sé fábhar agus eagna dhó i súilibh Faraó rí na h-Éigipte, agus do dhein sé uachtarán dé ar an Éigipt agus ar a theaghlach féin go léir. 11 Ansan do tháinig an gorta an an Éigipt an fad agus an Chanaan, agus cruadhtan mór, agus ní raibh bhia le fághail ag ár n-aithreachaibh. 12 Agus nuair a dh’airigh Iácób arbhar a bheith le fághail sa n-Éigipt chuin sé án n-aithreacha ann ar dtúis. 13 Agus an tarna turus d’aithin a dhritháracha Ióseph agus do nochtadh a chine do Faraó. 14 Ansan do chuir Ióseph sios ar Iácób, a athair, agus ar a ghaoltaibh go léir, chúig dhuine dhéag a’s trí fichid. 15 Agus chuaidh Iácób síos sa n-Éigipt, agus fuair sé bás, é féin agus án n-aithreacha. 16 Agus do tugadh go Sichem iad agus do cuireadh iad sa n-uaigh a cheannaigh Abhraham ar airgead ó mhacaibh Hemór, mac Sichem. 17 Ach nuair a bhí ag teacht am na geallamhna a gheall Dia d’Ábhraham bhí an t-sliocht tar éis dul i lionmhaire sa n-Éigipt, 18 Go dtí gur éirigh ri eile sa n-Éigipt ná raibh aithne aige ar Ióseph. 19 Dhein sé sin feall ar ár gcine agus chuir sé cruadhtar an ár n-aithreachaibh, go gcaithidís a gclann óg do chur uatha amach i dtreó ná mairfidís. 20 Sa n-am san iseadh do rugadh Maois, agus dob ionmhuin le Dia é, agus do h-oilead ar feadh trí mhí é i dtigh a athar. 21 Ansan do cuireadh amach é, agus do thóg inghean Faraó é agus dhein sí é dh’oileamh aint ’n-a mhac aici féin. 22 Agus do múineadh do Mhaois gach saghas eagna d’á raibh ag muinntir na h-Éigipte agus bhí sé cómhachtach ’na bhréithribh agus ’na ghníomharthaibh. 23 Nuair a bhí sé dachad blian d’aois táinig machtnamh i n’ aigne dhó go raghadh sé ag féachaint a bhráithre, clann Israéil. 24 Agus chonnaic sé éagcóir ’á dhéanamh an dhuine acu agus do chosain sé é, agus dhein sé díoltas ar son an t-é gur deineadh an éagcóir air, mar do bhuail sé an t-Éigipteach. 25 Agus do mheas sé go dtuigfeadh a bhráithre go dtabharfadh Dia tré n-a láim féin, fuasgailt dóibh, ach níor thuigeadar. 26 lán n-a mháireach a bhí chúghainn tháinig sé ortha agus iad ag troid, agus dhein sé caradas agus síothcháin eatartha, agus dubhairt sé: A fheara, is bráithre sibh; cad chuige dhaoibh a chéile ghortú? 27 Ach an fear a bhí ag déanamh na h-éagcóra ar a chómharsain do dhiúltuigh sé dhó agus dubhairt sé: Cé cheap tusa ad’ phriúnsa agus ad’ bhreitheamh os ár gcionn? 28 An mé mharbhú a cheapann tú mar a masbhuighis an t-Éigipteach indé? 29 Nuain airigh Maois an focal san do theith sé agus bhí sé ’n-a dheóruidhe i dtír Mhadian, agus bhí beirt mhac aige sa tír sin. 30 Agus tar éis dachad blian do thaisbeáin aingeal é féin dó i bhfásach cnuic Sína, i lasair theine, i dtor. 31 Agus nuair a chonnaic Maois an nídh sin do tháinig iongna air, agus bhí sé ag teacht i n’aice, ’ghá bhreithniú agus do labhair guth an Tighearna leis, agus dubhairt: 32 is mise Dia t’atharach Dia Ábrahaim, agus Dia Isáac agus Dia Iácóib. Agus tháinig critheagla ar Mhaois agus níor leómhaigh sé féachaint air. 33 Agus dubhairt an Tighearna leis: Bain do bróga de t’ chosaibh mar is talamh naomhtha an áit ’na bhfuilir ad sheasamh. 34 Ag féachaint dom is léir dom an cruadhtan ’na bhfuil mo phobul atá sa n-Éigipt, agus do chloiseas a ngéarghol agus thánag anuas chun iad a d’fhuasgailt. Agus tarsa anois go gcuiread sa n-Éigipt thu. 35 An Maois sin d’ár diúltuígheadh nuair a dubhradh leis: Cé cheap thusa ad phriúnsa agus ad bheeitheamh? do chuir Dia uaidh é ’n-a phriúnsa agus i n’fhuasgaltóir, tré láimh an aingil a taisbeánadh dó sa tor. 36 Thug sé sin leis amach iad, agus é ag déanamh mírbhúiltí agus soluídí i dtír na h-Éigipte agus sa Mhuir Ruaidh agus sa bhfásach ar feadh dachad blian. 37 Isé an Mhaois sin adubhairt le clainn Israéil: Tógfaidh Dia chúghaibh fáidh d’bhúr mbráithribh, mar mise; éistfidh sibh leis sin. 38 Sidé a bhí sa n-eaglais sa n-uaigneas i bhfochair an aingil, do labhair leis ar chnuc Sína agus le n-ár n-aithreachaibh; do ghlac bréithre na beatha le tabhairt dúinn. 39 Agus ní dhéanfadh ár n-aithreacha rud air, ach do dhiúltuidhdar dó agus d’iompuighdar a gcroidhe ar an Éigipt, 40 Agus dúbhradar le h-Aaron: Dein dúinn déithe a bheidh ag gluaiseacht rómhainn; óir an Maois seo a thug amach a h-Éigipt sinn ní fheadramair cad ’tá imighthe air. 41 Agus dheineadar gamhain ins na laethibh sin, agus dheineadar ídhbirt chun an íomháigh, agus dheineadar gáirdeachas a h-obair a lámh féin. 42 Agus d’iompuigh Dia agus do leig sé dhóibh bheith ag déanamh seirbhíse do shluagh neimhe, man atá sgríobhtha i leabhar na bhfáidh: Ar dheineabhair ofráil agus ídhbhirt dómhsa sa bhfásach i gcaitheamh dachad bhlian a leaglach Israéil? 43 Agus do ghlacabhair tabernacul Mholoch agus réalt bhúr ndé Rempham, íomhághtha a dheineabhair le nbhúr lámhaibh féin chun iad d’adhradh. Agus aistireóchad sibh thar Bhabilóin. 44 Bhí tabernacul na fiadhnaise ag ár n-aithreachaibh sa bhfásach, fé mas a cheap Dia dhóibh nuair a labhair sé le Maois, go ndéanfadh sé é do réir an mhacsamhla a chonnaic sé. 45 Agus do thógh ár n-aithreacha, agus Iésus é agus thugadar leó é isteach sa tír a bhí ag geinte, agus dhíbir Dia iad san ó aghaidh ár n-aithreach, go dtí laethe Dháibhid, 46 Agus fuair sé sin fábhar i láthair Dé, agus d’iarr sé go bhfaghadh sé tabernacul do Dia Iácóibh. 47 Ach is é Salomón a chuir suas tigh dó. 48 Ach ní h-i ndéantús lámh a chómhnuigheann an dúileamh, mar adeir an fáidh: 49 Is é neamh mo chathaoír ríoghdha, agus an talamh taca mo chos. Cad é an tigh a déanfaidh sibh dom, adeir an Tighearna, nú cá bhfuil áit mo shuaimhnis? 50 Nách iad mo lámha féin a dhein iad go léir? 51 A lucht na muinéal stuacach agus na gcroidhthe agus na gcluas gan tímpallghearrad, táthaoí coitchianta ag cur i n-aghaid an Spioraid Naoimh: Mar a bhí bhúr n-aithreacha, sin mar atáthaoí-se. 52 Cia’cu de sna fáidhibh nár dhein bhúr n-aithreacha géarleanmhaint air? Agus chuireadar chun báis na daoine a thargair dóibh teacht an Fhíon-Aoin seo a dheineabhair-se féin anois do bhrath agus do chur chun báis. 53 Do ghlacabhair an dlígh ó fhrithálamh na n-aingeal agus níor choiméadabhair an dlígh. 54 Nuair airíghdar an chainnt sin do gheárr sí an croidhe acu agus bhíodar ag díosgán a bhfiacal chuige. 55 Ach bhí sé lán de’n Spioraid Naomh agus d’fhéach sé suas ins na flathais agus chonnaic sé glóire Dé agus Íosa ’n-a sheasamh an dheasláimh Dé, agus dubhairt sé: Féach chím na flathais ar osgailt agus Mac an Duine ’n-a sheasamh ar deasláimh Dé. 56 Ansan do chuireadar liú árd asta agus do chuireadar a lámha ar a gcluasaibh agus do rithadar i n-aonfheacht chuige, 57 Agus do chomáineadar amach as an gcathair é agus ghabhdar do sna clochaibh ann, agus chuir na fínnithe a mbraith ag cosaibh fir óig ar a dtugtí Saul. 58 Agus ghabhdar do sna clochaibh i Stiophan agus é ag glaodha ar Dhia, agus: A Thighearna Íosa, glac chughat m’anam! adeireadh sé. 59 Ansan do leig sé é féin ar a ghlúinibh agus dubhairt sé, do ghuth árd: A Thighearna ná cuir an peaca so i leith na ndaoine seo! Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do thuit a chodla air sa Tighearna. Agus bhí Saul toilteanach chun a bháis. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society