Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Eoin 12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XII. Cosa Chríost d’á n-ungadh. A dhul isteach i gcathair Ierúsalem ar muin asail. An guth ó neamh.

1 Ach sé lá roim fhéile na cásga tháinig Íosa go Betánia mar a bhfuair Lasarus bás agus gur thóg Íosa ó’n mbás é.

2 Agus dheineadar féasta dhó ann, agus bhí Marta ag friothálamh, agus duine de’n chuideachtain a shuidh chun bídh i n’fhochair ab eadh Lasarus.

3 Agus thóg Máire púnt meaghchaint d’ola ana-uasal, de spícnárd dhílis, agus chuir sí ar chosaibh Íosa é, agus ansan do chimil si a chosa le n-a gruaig; agus do líonadh an tigh de bhaluith chúmhra an spícnáird.

4 Agus dubhairt duine de sna deisgiobuil, Iúdás Iscariót, an fear a bhí chun é dhíol:

5 Cad ’n-a thaobh nár díoladh an ola so ar trí chéad pingin agus é thabhairt do sna bochtaibh?

6 Ní tré aon speóis a bheith aige ins na bochtaibh adubhairt sé an méid sin, ámhthach, ach é bheith ’n-a bhitheamhnach, agus is aige a bhíodh an sparán, agus isé a dh’iomparadh an méid a curtí ann.

7 Ansan dubhairt Íosa: Leigidh di féin, agus coimeádadh sí é sin i gcóir lae m’adhlactha.

8 Bíd na boicht i gcómhnuighe i nbhúr bhfochair agaibh, ach ní bhím-se agaibh i gcómhnuighe.

9 Agus bhí fhios ag sluagh mhór de sna Iúdaígh é bheith sa n-áit, agus thanadar, ní h-amháin mar gheall ar Íosa, ach chun go bhfeicfidís Lasarus, an duine a thóg sé ó sna mairbh.

10 Agus bhí uachtaráin na sagart ’ghá bheartú go marbhóchaidís Lasarus, mar an gcéadna,

11 Mar bhí mórán de sna Iúdaigh ag imtheacht agus ag creideamhaint i n-Íosa mar gheall air.

12 Ach amáireach a bhí chúgainn do ghluais amach sluagh mhór de sna daoine a bhí tagaithe chun na féile, mar d’airigheadar Íosa bheith ag teacht go Ierúsalem

13 Agus thógadar géaga phailime agus shiubhluigheadar fé n-a dhéin agus iad ag liúirigh: Hósanna, moladh do’n t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna, rí Israéil.

14 Agus do fuair Íosa asal óg, agus do shuidh sé ar a mhuin, do réir mar atá sgríobhtha:

15 Ná bíodh eagal ort, a inghean Shióin; Féach, tá do rí ag teacht agus é ’n-a shuidhe ar shearrach asail.

16 Níor thuig a dheisgiobuil na neithe sin ar dtúis; ach nuair a tugadh glóire d’Íosa do chuimhnigheadar ar na neithibh sin a bheith sgríobhtha ’n-a thaobh, agus gur dheineadar na neithe sin leis.

17 An tsluagh a bhí i n-a fhochair nuair a ghlaoidh sé Lasarus as an dtuama agus thóg sé ó sna mairbh é, thugadar fiadhnaise uatha.

18 Agus uime sin do tháinig an tsluagh amach ’n-a choinnibh, mar d’airigheadar gur dhein sé an mhírbhúilt sin.

19 Dubhairt na Fairisínigh, d’a bhrígh sin, eatartha féin: An bhfeiceann sibh ná fuil ag eirighe linn i n-aon chor? Siné an saoghal go léir imthighthe ’n-a dhiaidh.

20 Bhí, ámh, geinteacha áirithe ar na daoine a tháinig go Ierúsalem chun Dia d’adhradh lá na féile.

21 Thánadar san ag triall ar Philib, an fear ó Bhetsaida Gaililí, agus d’iarradar nídh air agus dubhradar: A dhuine chóir, ba mhaith linn Íosa dh’fheisgint.

22 Tháinig Pilib agus d’innis sé d’Aindrias é, agus ansan d’innis Pilib agus Aindrias d’Íosa é.

23 Ach d’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé: Tháinig an uair chun glóire thabhairt do Mhac an Duine.

24 Go deimhin, deimhin, a deirim libh, mura bhfaghaidh an gráinne arbhair a thuiteann sa talamh bás,

25 Ní bhíonn ann ach é féin; ach má gheibheann sé bás tugann sé toradh mór uaidh. An t-é a ghrádhann a anam féin caillfidh sé é; agus an t-é a dh’fhuathuigheann a anam féin ar an saoghal so, coimeádann sé é i gcóir na beatha síoruidhe.

26 Má fhriothálann duine mise, leanadh sé mé; agus an áit i n-a bhfuilim-se is ann a bheidh an t-é a fhriothálfaidh. Má dheineann duine friothálamh orm-sa tabharfaidh m’Athair onóir dó.

27 Tá m’anam ar buaireamh anois. Agus cad déarfad? A Athair, dein mé shaoradh ó’n uair seo. Ach is chuige seo do thánag chun na h-uaire seo.

28 A Athair, dein t’ainim do shoillsiú. Ansan do tháinig guth ó neamh: Do shoillsígheas cheana é, agus soillseóchad airís é.

29 Agus na sluaighte a bhí láithreach d’airigheadar an guth agus dubhradar gur thóirthneach a deineadh. Ach dubhairt tuille acu: Do labhair aingeal leis.

30 D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé: Ní mar gheall orm-sa a tháinig ag guth so, ach mar gheall oraibh-se.

31 Anois atá breith tabhartha ar an saoghal so; anois a caithfar amach priúnsa an tsaoghail seo.

32 Agus má árduígh-thear mise ó’n dtalamh taraiceóchad gach nídh chúgham féin.

33 Agus dubhairt sé an méid sin ’ghá chur i gcéill cad é an bás a gheobhad sé.

34 D’fhreagair na daoine é: D’airigheamair-ne as an ndlígh Críost a bheith ann do shíor: agus conus a deirir-se nach foláir Mac an Duine d’árdú? Cé h-é an Mac san an Duine?

35 Ansan dubhairt Íosa leó: Tá an solus agaibh tamall beag fós. Deinidh siubhal an fhaid atá an solus agaibh, i dtreó ná béarfaidh an doircheacht oraibh; agus an t-é bhíonn ag siubhal sa doircheacht ní fhea-dair sé cá mbíonn sé ag dul.

36 An fhaid atá an solus agaibh creididh sa tsolus, i dtreó go mbeadh sibh i nbhúr gclann ag an solus. Do labhair Íosa na neithe sin agus d’imthigh sé agus do cheil sé é féin ortha.

37 Agus bíodh gur dhein sé an oiread san mírbhúiltí os a gcómhair níor chreideadar ann;

38 Ionus go gcómhlíonfaí an chaint adubhairt Isáias Fáidh: A Thighearna, cé chreid a gcloistear uainn? Agus cé dhó gur foill-sigheadh cuisle an Tighearna?

39 Uime sin níor fhéadadar creideamhaint, óir dubhairt Isáias airís:

40 Do dhall sé a súile, agus do dhúr sé a gcroidhe, sar a bhfeicfidís le n-a súilibh agus sar a dtuigfidís ’n-a gcroidhe, agus go n-iompóchaidís, agus go saorfainn iad.

41 Dubhairt Isáias na neithe sin nuair a chonaic sé a ghlóire, agus nuair a labhair sé air.

42 Ach sa n-am gcéadna do chreid a lán de sna h-uachtaráin féin ann; ach níor admhuigheadar é, le h-eagla roimis na Fairisínigh, sar a gcurfaí as na sinagógaibh iad.

43 Óir bá mhó acu glóire daoine ’ná glóire Dé.

44 Ansan do labhair Íosa do ghuth árd, agus dubhairt sé: An t-é a chreideann ionam-sa, ní h-ionam-sa a chreideann sé ach san t-é a chuir uaidh mé.

45 Agus an t-é a chíonn mise, chíonn sé an t-é a chuir uaidh mé.

46 Is am’ sholus do thánag ar an saoghal, ionus, an t-é a chreideann ionam, ná fanfadh sé sa doircheacht.

47 Agus má airigheann aoinne mo bhréithre agus ná coimeádfaidh sé iad, ní thugaim-se breith air, óir ní chun breitheamhantais a thabhairt ar an ndomhan do thánag, ach chun an domhain do shaoradh.

48 An t-é ná tugann toradh orm-sa agus ná glacann mo bhréithre, tá aige an t-é a thugann breith air; an briathar atá ráidhte agam-sa, tabharfaidh an briathar san breith air an lá déanach.

49 Óir ní h-uaim féin do labhras-sa, ach an t-Athair a chuir uaidh mé, thug sé sin órdú dhom, cad déarfad agus cad a labharfad.

50 Agus tá fhios agam gur beatha shíoruidhe a órdú. Na neithe a labhraim, d’á bhrígh sin, is mar adubhairt an t-Athair liom do labhraim iad.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí