Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 12:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus thóg Máire púnt meaghchaint d’ola ana-uasal, de spícnárd dhílis, agus chuir sí ar chosaibh Íosa é, agus ansan do chimil si a chosa le n-a gruaig; agus do líonadh an tigh de bhaluith chúmhra an spícnáird.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Ghlac Muire punt dʼuinnimint chostasach de ghlan-nard, agus chuimil si de chosa Íosa í agus thriomaigh si a chosa le gruaig a cinn; agus chuaigh cumhracht na huinniminte ar fud an ti.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Ar an adhbhar sin, ghlac Máire punta ungtha de spíocnárd fhíor, luachmhar, agus rinne sí cosa Íosa d’ungadh, agus thriomuigh sí a chosa le n-a gruaig: agus líonadh an teach le cumhracht an ungtha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus do thóg Máire púnt d’uinnimint náird ghlain, an‐luachmhair, agus d’ong sí cosa Íosa, agus do thriomuigh sí a chosa le n‐a gruaig; agus do líonadh an teach de chumhracht na h‐uinniminte.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Ann sin do ghlac Muire punta duinnement náird fhírinnigh, roúasail, agus do ung si cosa Iósa, agus do thiorrmuigh sí a chosa lé na grúaig: agus do bhí an teach ar na líonadh do bhaladh na huinnemeinte.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Ansin thóg Máire punt meáchain dʼola an-luachmhar, nard dílis, agus rinne sí cosa Íosa a ungadh leis agus iad a chuimilt lena gruaig. Líon an teach de bholadh cumhra na hola.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 12:3
16 Tagairtí Cros  

Agus gan ach aon nídh amháin ríachtanach. Do thogh Máire an nídh is fearr, agus ní tógfar uaithi é.


Níor ongais-se mo cheann le h-ola, ach d’ong sí seo mo chosa le h-ola.


B’í sin Máire do dhoirt an ola ar an dTighearna agus do thriomuigh a chosa le n-a gruaig agus isé a dritháir Lasarus a bí breóite.


Nuair a bhí an chaint sin ráidhte aici d’imthigh sí agus ghlaoidh sí i gcogar ar a drifiúr Máire, agus dubhairt sí léi: Tháinig an Máighistir, agus tá sé ag glaodhach ort-sa.


Ach nuair a tháinig Máire chun na h-áite ’n-a raibh Íosa agus nuair a chonaic sí é, do chaith sí í féin agá chosaibh agus dubhairt sí leis: A Thighearna, dá mbeithéa anso ní bheadh mo dhritháir marbh.


Agus tháinig sé agus do rug sé leis corp Íosa. Agus do tháinig Nicodémus, leis, an fear úd a tháinig ar dtúis chun Íosa sa n-oidhche, agus measgán mirr agus aloé aige, tímpal céad púnt meághchaint.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí