Matha 8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL VIII. An lobhar d’á ghlanadh ag Críost; seirbhíseach an taoisigh céad, ⁊ máthair céile Pheadair, ⁊ a lán eile aige ’á leigheas. An stoirm ar an bhfaraige á chiúnú aige. Na deamhain dá gcur amach as an mbeirt a bhí sealbhuighthe acu, ⁊ cead uaidh dos na deamhnaibh dul isteach ins na mucaibh. 1 Ansan nuair a tháinig sé anuas ó’n gcnoc do lean sluaighte móra é. 2 Agus féach, tháinig lobhar, agus do shléacht sé dhó agus dubhairt sé: A Thighearna, tá ar do chumas mé ghlanadh má’s áil leat. 3 Agus do shín Íosa a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé; Is áil liom é: glantar thú. Agus do glanadh láithreach é ó n-a lobhra. 4 Agus dubhairt Íosa leis: Féach, ná h-innis d’aoinne é; ach imthigh agus taisbeáin tu féin do’n tsagart, agus tabhair an ofráil a dh’órduigh Maoís, mar fiadhnaise dhóibh-sin. 5 Ansan nuair a bhí sé tar éis dul isteach i gCapharnaum tháinig chuige taoiseach céad, ’ghá ghuidhe, 6 Agus dubhairt sé: A Thighearna, tá mo bhuachaill sa bhaile ’n-a luighe gan lúth a ghéag, agus tá pianta móra air. 7 Agus dubhairt Íosa leis: Tiocfad-sa agus leighisfead é. 8 Agus dubhairt an taoiseach céad: A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá fé m’ dhíon; ach abair an focal amháin agus beidh mo bhuachaill slán. 9 Mar is duine mise atá fé smacht, agus tá saighdiúirí fúm; agus deirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé, agus le m’ sheirbhíseach, Dein so; agus deineann sé é. 10 Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhé; agus dúbhairt se leis an muíntir a bhí ’ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n-Israél. 11 Agus deirim libh go dtiocfaidh a lán daoine ó’n ndomhan toir agus ó’n ndomhan tiar, agus go luighfid siad i bhfochair Ábrahaim agus Isaaic agus Iácóib, 12 Agus caithfar clann na rígheachta amach sa dorchadas atá amuigh, mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal. 13 Agus dubhairt Íosa leis an dtaoiseach céad: Imthigh ort, agus fé mar a chreidis deintear duit. Agus tháinig a shláinte do’n bhuachaill an uair sin. 14 Agus nuair a tháinig Íosa isteach i dtigh Pheadair chonaic sé máthair a chéile ’n-a luighe agus éagcruas uirthi; 15 Agus do rug sé ar láimh uirthi, agus d’imthigh an t-éagcruas di, agus d’eirigh sí, agus dhein sí friothálamh ortha. 16 Ansan, nuair a tháinig an tráthnóna, thugadar ag triall air a lán daoine go raibh deamhain ionta; agus bhí sé ag díbirt na ndeamhan le n-a fhocal, agus ag leigheas na ndaoine a bhí as a sláinte; 17 Ionus go bhfíor-faí an chaint a dubhairt Isáias Fáidh, mar a ndubhairt sé: Do ghlac sé chuige féin ár n-easláintí agus d’fhuiling sé ár ngalara. 18 Agus nuair a chonaic Íosa na sluaighte móra ’n-a thímpal, d’órduigh sé dul thar uisge. 19 Agus tháinig fear sgríbhinne chuige agus dubhairt sé leis: A Mháighistir, leanfad thú pé áit ’n-a ngeóbhair. 20 Agus deir Íosa leis: Táid pluaiseana ag na sionachaibh agus neadacha ag éanlaithibh an aéir, agus ní’l ag Mac an Duine áit ar a leigfeadh sé a cheann. 21 Dubhairt deisgiobul eile leis, A Thighearna, leig dom dul ar dtúis agus m’athair d’adhlacadh. 22 Dubhairt Íosa leis, ámhthach: Lean mise, agus leig dos na mairbh a mairbh d’adhlacadh. 23 Agus nuair a chuaidh sé ar bórd na luinge bige, do lean a dheisgiobuil é. 24 Agus féach, d’eirigh suathadh mór sa bhfaraige, i dtreó go raibh an long d’á múchadh leis na tonnaibh. Ach bhí seisean ’n-a chodla. 25 Agus tháinig a dheisgiobuil chuige agus dhúisigheadar é. A Thighearna, ar siad, saor sinn; tá an bás againn. 26 Agus dubhairt Íosa leó: Cad is eagal daoibh, a dhaoine gan puinn creidimh? Ansan d’eirigh sé agus dubhairt sé leis an ngaoith agus leis an bhfaraige fanmhaint socair, agus tháinig ciúnas mór. 27 De sin do ghlac iongnadh na daoine agus dubhradar: Cad é mar duine é seo go bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó? 28 Agus nuair a chuadar treasna an uisge, isteach i dtír na nGerasénach, do bhuail uime beirt go raibh deamhain ionta, agus iad ag teacht amach as na h-uaghnaibh agus iad ana-mhillteach, i dtreó nár bh’fhéidir d’aoinne gabháil an tslígh sin acu. 29 Agus féach, do liúghadar agus dubhradar: Cad é sin dúinne thusa, a Íosa, a Mhic Dé? Ar tháinís anso roim an aimsir chun pionóis a chur orainn? 30 Bhí tréad mór muc ar fosaidheacht i ngar dóibh. 31 Agus d’iarr na deamhain achainighe air: Má chuireann tú as so sinn, ar siad, cuir ins na mucaibh sinn. 32 Agus dubhairt sé leó: Imthighidh. Agus d’imthigheadar isteach ins na mucaibh, agus féach, do rith an tréad muc ar buile le fánaidh isteach sa bhfaraige, agus do báthadh iad. 33 Agus do rith na h-aodhairí; agus thánadar isteach sa chathair, agus d’innseadar gach nídh, agus i dtaobh na beirte go raibh na deamhain ionta. 34 Agus féach, do ghluais muintir na catharach go léir amach i gcoinnibh Íosa; agus nuair a chonacadar é d’iarradar air imtheacht as a dtír. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society