Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:29 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus féach, do liúghadar agus dubhradar: Cad é sin dúinne thusa, a Íosa, a Mhic Dé? Ar tháinís anso roim an aimsir chun pionóis a chur orainn?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

29 Agus bʼshiúd iad ag béiceadh, “Cad chuige a bhfuil tú dúinn, a Mhic Dé? Ar tháinig tú lenar gcéasadh roimh am?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

29 Agus féach, leig siad béic astú, ag rádh: Cad é an bhaint atá againne agus agat-sa le chéile, a Íosa, a Mhic Dé, an dtáinic tú le sinn a phianadh roimh an am?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Agus, féach, do ghlaodhadar amach agus adubhradar, Cad é an bhaint atá againn leat‐sa, a Mhic Dé? an chum sinn do chiapadh roimh an aimsir tháinig tú?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Agus, féuchm do éimhgheadar, ag rádh, Créud é ar gcuídne dhiót, a Iósa, Mhic Dé? an dtainic tú ann so dár gcéusadhne roimhe a naimsir?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

29 Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhac Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

29 Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhic Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:29
20 Tagairtí Cros  

Agus tháinig an t-Áirseóir agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé órduigh arán a dhéanamh des na clochaibh sin.


Bhí tréad mór muc ar fosaidheacht i ngar dóibh.


Cad í an bhaint atá agatsa agus againne le n-a chéile, a Íosa Nasareit? ar seisean. An chun sinn a mhilleadh a tháinís annso? Tá fhios agam cé h-é thu, Aon Naomhtha Dé.


Agus na h-annspridí truaillighthe, nuair a chídís é, do shléachtaidís dó, agus deiridís go h-árd:


Agus do liúigh sé do ghuth árd agus dubhairt: Cad é an chuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Mhic Dé is aoirde? Iarraim ort i n-ainim Dé gan mé phianadh.


Agus dubhairt: leig dúinn; cad í an bhaint atá againne leat-sa, a Íosa Nasareit? An chun sinn a mhilleadh do tháinís? Tá ’fhios agam ce h-é thu, Aon Naomhtha Dé.


Agus nuair a bhíodh na deamhain ag imtheacht amach as a lán daoine bhídís ag liúirigh, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smachtuigheadh sé iad agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir d’aithnighdís gur bh’é Críost e.


Agus nuair a chonaic sé Íosa do chaith sé é féin ar an dtalamh ’n-a láthair agus do labhair sé do ghuth árd: Cad é an chuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Mhic an Árd-Dhia? Iarraim ort gan mé phianadh.


Agus dubhairt Íosa léi: Cad é sin dómh-sa agus duit-se sin, á bhean? Níor tháinig m’aimsir-se fós.


Agus do lean sí Pól agus sinne, agus í ag liúirigh agus deireadh sí: Seirbhísigh do’n árd-Dhia iseadh na fir sin, agus táid siad ag innsint slighe bhúr slánuighthe dhaoibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí