Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Ansan nuair a bhí sé tar éis dul isteach i gCapharnaum tháinig chuige taoiseach céad, ’ghá ghuidhe,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Ar a bhealach isteach go Caparnáum, tháinig ceantúir ina airicis, ag cur impí air

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Agus ar theacht isteach go Capharnaum dó, tháinic ceanntúir chuige, ghá ghuidhe,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus tar a éis dó dul isteach i gCafarnaúm, tháinig ceanntúir chuige,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus ar ndul Díosa a sdeach go Capernáum, tháinic sentúrion chuige, dá ghuidhe,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Tar éis dul isteach i gCafarnáúm dó, tháinig taoiseach céid chuige ag achainí air:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Tar éis dul isteach i gCafarnáum dó, tháinig taoiseach céad chuige ag achainí air:

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:5
15 Tagairtí Cros  

Agus tusa, a Chapharnaum, an suas go flathas Dé a tógfar tú? Síos go h-ifreann iseadh a curfar thú; óir dá mba i Sodomaibh a déanfaí na fearta a deineadh ionat-sa, b’fhéidir go mbeadh an chathair sin ann do dtí an lá so.


An taoiseach céad, ámhthach, agus an bhuidhean a bhí ’n-a theannta ag faire Íosa, nuair a chonacadar an luasgadh talmhan agus na neithe do thuit amach, tháinig eagla ana-mhór, ortha agus dubhradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin.


Agus d’fhág sé Nasaret, agus chuaidh sé chun cómhnuighthe i gCapharnaum i n-aice na faraige, i gcríoch Sabulon agus Nephtalim.


Agus chuaidh sé ar bórd na luinge bige, agus tháinig sé thar uisge isteach ’n-a chathair féin.


Agus nuair a chonaic an taoiseach céad a bhí ’n-a seasamh ar a aghaidh amach go bhfuair sé bhás agus an guth árd san aige d’á chur as dubhairt sé: Gan amhras dob’ é Mac Dé an duine sin.


Agus i gcionn rainnt laethanta tháinig sé airís isteach i gCapharnaum.


Do cheangaladar Pól le téadaibh. Ansan dubhairt sé leis an dtaoiseach céad a bhí ’n-a sheasamh i n’aice: An bhfuil ceaduighthe dhaoibh gabháil de sgiúirsíbh ar fhear Rómhánach gan é dhaoradh ar dtúis?


Ghlaoidh Pól chuighe duine de sna taoiseachaibh céad agus dubhairt sé leis: Beir an buachaill seo ag triall ar an dtribiún; tá nídh aige le h-innsint dó.


Ansan do ghlaoidh sé chuige beirt taoiseach céad agus dubhairt sé leó: Ollmhuighidh dá chéad saighdiúir, agus deichniubhar a’s trí fichid marcach, agus dhá chéad lucht sleagh, ó’n dtrímhad h-uair de’n oidhche, chun dul go Caesaréa;


Do shéid an ghaoth andeas dóibh agus mheasadar go raibh gach nídh ar a dtoil acu agus ghluaiseadar ó Assan agus fan chiumhais trágha Chréta.


Ach dubhairt Pól leis an dtaoiseach céad agus leis na fir armtha: Mura bhfanaid siad san sa luing ní féidir daoibh-se dul slán.


Ach ní leogfadh an taoiseach céad dóibh é, mar theastuigh uaidh Pól do bhreith saor, agus d’órduigh sé do’n mhuinntir go raibh snámh acu iad féin do chaitheamh amach ar dtúis agus iad féin a shábháil agus dul i dtír.


Ach, ó bhí Lidda cómhgasach do Ioppé agus gur airigh na deisgiobuil Peadar a bheith sa n-áith sin, chuireadar beirt fhear chuige ’ghá rádh leis: Ná déin ríghneas gan teacht ag triall orainn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí