Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus dubhairt Íosa leis: Féach, ná h-innis d’aoinne é; ach imthigh agus taisbeáin tu féin do’n tsagart, agus tabhair an ofráil a dh’órduigh Maoís, mar fiadhnaise dhóibh-sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Agus arsa Íosa leis, “Bí cinnte agus ná habair focal le haon duine, ach imigh, agus taispeáin tú féin don sagart, agus déan an bronntanas a ofráil mar a dʼordaigh Maois, lena dhearbhú do na daoine.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus deir Íosa leis: Tabhair aire agus ná h-innis do dhuine ar bith; acht imthigh, taisbeán thú féin do’n tsagart, agus ofráil an tiodhlacadh a d’órduigh Maoise, mar fhiadhnaise dóbhtha-san.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus adubhairt Íosa leis, Tabhair aire gan innsint d’aoinneach faoi; acht imthigh, taisbeán thú féin do’n tsagart, agus déan an íodhbairt d’órduigh Maois, mar fhiadhnaise dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus a deir Iósa ris, Tabhair dod aire gan innisin do dhuine ar bith; achd imthigh, taisbean thú féin don tsagart, agus beir chuige an tiodhlacadh do aithin Máoisi, mar fhíadhnuisi dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Dúirt Íosa leis ansin: “Ná hinis do dhuine ar bith é, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin, agus déan an ofráil a dʼordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Dúirt Íosa leis ansin: “Ná hinis do dhuine ar bith é, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin, agus déan an ofráil a d'ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:4
31 Tagairtí Cros  

Agus béarfaid siad i láthair ríghthe agus uachtarán sibh mar gheall orm-sa mar fhiadhnaise dhóibh-sin agus dos na geintibh.


Ansan d’órduigh sé d’á dheisgiobulaibh gan a dh’innsint d’aoinne gur bh’é féin Íosa Críost.


Agus ag teacht anuas ó’n gcnoc dóibh dubhairt Íosa leo: Ná h-innsidh d’aoinne an radharc go n-eirighidh Mac an Duine ós na mairbh.


Agus d’fhreagair Íosa é agus dubhairt sé leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gach fíoraontacht do chómhlíonadh. Ansan do ghéill sé dhó.


Ná measaidh gur chun na dlíghe ná na bhfáidh do chur ar neamhnídh a thánag-sa. Ní chun iad do chur ar neamhnídh a thánag ach chun iad do chómhlíonadh.


Seachnaidh agus ná deinidh bhúr bhfíoraontacht-sa os cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfí sibh, nó ní bheidh tuarasdal le fághail agaibh i láthair bhúr n-Athar atá ins na flathais.


Agus do h-osgaladh a súile, agus thug Íosa foláramh dóibh: Tugaidh aire, ar seisean, ná beidh a fhios san ag aoinne.


Ach féachaidh chúghaibh féin. Óir tabharfaid siad i láthair na gcómhairlí sibh, agus sgiúrsálfar sibh ins na sinagógaibh, agus seasóchaidh sibh i láthair ríghthe agus uachtarán mar gheall orm-sa, mar fhiadhnaise dhóibh-sin.


Is tusa Mac Dé. Agus thugadh sé órdú dian dóibh gan é dh’fhoillsiú.


Agus d’órduigh sé dhóibh go dian gan a fhios a bheith ag aoinne, agus dubhairt sé rud le n-ithe thabhairt di.


Agus pé duine ná glacfaidh sibh nó na h-éistfidh libh, imthighidh as an áit sin agus deinidh an ceó chrothadh d’bhúr gcosaibh mar fhiadhnaise ’n-a gcoinnibh.


Agus dh’órduigh sé dhóibh gan é dh’innsint d’aoinne. Ach d’á mhéid a dh’órduigh sé dhóibh é iseadh is mó a dh’innseadar é,


Agus thug sé foláramh dóibh gan a dh’innsint d’aoinne ’n-a thaobh.


Agus choimeádadar an focal san eatartha ’ghá fhiafraighe dh’á chéile cad é a bhrígh sin, Go mbeadh sé eirighthe ós na mairbh.


Agus nuair a chonaic sé iad dubhairt sé leó: Imthighidh agus taisbeánaidh sibh féin do sna sagairt. Agus do thárla, ar an slígh dhóibh, gur glanadh iad.


Beidh san i n’fhiadhnuise dhaoibh-se, ámhthach.


Agus nuair a bhíodh na deamhain ag imtheacht amach as a lán daoine bhídís ag liúirigh, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smachtuigheadh sé iad agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir d’aithnighdís gur bh’é Críost e.


Agus dubhairt sé leis gan é dh’innsint d’aoinne; ach, Imthigh agus taisbeáin thú féin do’n tsagart, agus tabhair an ofráil as do ghlanadh, fé mar a d’órduigh; Maois, mar fhiadhnuise dhóibhsin.


Águs bhí sgárd ar a h-athair agus ar a máthair; ach dubhairt sé leó gan a dh’innsint d’aoinne cad a bhí tuitithe amach.


Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt leó gan an nídh sin a dh’innsint d’aoinne,


Ní ghabhaim glóire ó dhaoine.


An t-é a labhrann uaidh féin, a ghlóire féin a loirgeann sé; ach an t-é a loirgeann glóire an t-é a chuir uaidh é, tá sé sin fírinneach agus ní’l éagcóir ann.


Ach nílim-se ag lorg mo ghlóire féin; tá aon a loirgeann agus a thugann breith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí