Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus do shín Íosa a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé; Is áil liom é: glantar thú. Agus do glanadh láithreach é ó n-a lobhra.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus shín sé a lámh amach uaidh gur bhain leis, agus dúirt se, “Is toil liom é, bí glan.” Agus ní luaithe sin ráite ná glanadh a lobhra.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus ag síneadh amach a láimhe do Íosa, leig sé air í, agus dubhairt: Is áil: Déantar glan thú. Agus san bhomaite bhí an lobhra glanta de.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus do shín sé amach a lámh, agus do chuir sé air í, g‐á rádh, Is áil liom é; glantar thú. Agus ar an láthair do glanadh é ó’n lobhra.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus ar síneadh a láimhe, do bhean Iósa ris, ag rádh, Is aill; bí glan. Agus ar an mball do bhí a lobhradh ar na ghlanadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Agus shín sé amach a lámh, agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú”; agus leigheasadh ón lobhra é láithreach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Agus shín sé amach a lámh, agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú”; agus leigheasadh ón lobhra é láithreach.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:3
19 Tagairtí Cros  

Ansan dubhairt sé leis an nduine: Sin amach do lámh. Agus do shín; agus bhí sí chómh slán leis an láimh eile.


Agus tháinig truagh ag Íosa dhó, agus do shín sé a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé: Is toil liom é; glantar thu.


Agus d’eírigh sé agus do smachtuigh sé an ghaoth agus dubhairt sé leis an bhfaraige: Éist, bí ciúin.


Agus do rug sé ar láimh ar an gcailín agus dubhairt sé léi: Talita cúmí, ’sé sin, ar mhíniú, Eirigh, (adeirim leat) a chailín.


Agus d’fhéach sé suas chun na bhflathas agus dhein sé osna, agus dubhairt Ephpheta, ’sé sin, Osgail.


Agus do sgread sé, agus d’oibrigh sé é go h-ana-dhian, agus d’imthigh sé amach as; agus bhí sé mar a bheadh sé marbh, i dtreó go ndubhairt a lán: Tá sé marbh.


Agus bhí a lán lobhar i n-Israél le linn an fháidh Elisaéus agus níor glanadh aoinne acu ach Naaman an Síriánach.


Agus do shin sé a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt: Is toil; glantar thú. Agus d’imthigh an lobhra dhe láithreach.


Agus tháinig sé agus chuir sé a lámh ar an gcómhrainn. (Agus do stad an mhuintir a bhí ag iompar na cómhran.) Agus dubhairt sé: A óigfhir, deirim leat, eirigh.


Tar éis na cainte sin do rádh dhó do ghlaoidh sé do ghuth árd: A Lasaruis, tar amach.


Dá mba na déanfainn na h-oibreacha ’n-a measg, oibreacha nár dhein aoinne eile, ní bheadh an peaca ortha; ach anois do chonacadar agus thugadar fuath i n-aonfheacht, dómh-sa agus do m’Athair i n-aonfheacht.


Óir, fé mar a thógann an t-Athair na mairbh agus dheineann sé beó iad, ar an gcuma gcéadna deineann an Mac beó an mhuintir is toil leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí