Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus do shín sé amach a lámh, agus do chuir sé air í, g‐á rádh, Is áil liom é; glantar thú. Agus ar an láthair do glanadh é ó’n lobhra.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus shín sé a lámh amach uaidh gur bhain leis, agus dúirt se, “Is toil liom é, bí glan.” Agus ní luaithe sin ráite ná glanadh a lobhra.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus ag síneadh amach a láimhe do Íosa, leig sé air í, agus dubhairt: Is áil: Déantar glan thú. Agus san bhomaite bhí an lobhra glanta de.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus ar síneadh a láimhe, do bhean Iósa ris, ag rádh, Is aill; bí glan. Agus ar an mball do bhí a lobhradh ar na ghlanadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus do shín Íosa a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé; Is áil liom é: glantar thú. Agus do glanadh láithreach é ó n-a lobhra.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Agus shín sé amach a lámh, agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú”; agus leigheasadh ón lobhra é láithreach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Agus shín sé amach a lámh, agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú”; agus leigheasadh ón lobhra é láithreach.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:3
19 Tagairtí Cros  

Annsin adeir sé leis an duine, sín amach do lámh. Agus do shín; agus d’éirigh sí chómh slán leis an láimh eile.


Agus thug Íosa truagh mhór dó, agus do shín sé amach a lámh agus do chuir sé air í, agus adubhairt; Is toil liom é; bí glan.


Agus d’éirigh sé ’n‐a dhúiseacht, agus do bhagair sé ar an ngaoith, agus adubhairt sé leis an bhfairrge, Éist, bí socair. Agus do stad an ghaoth, agus do bhí ciúnas mór ann.


Agus ag breith ar láimh ar an gcailín dó, adubhairt sé léi, Talitá cúm, is é sin, A chailín, adeirim‐se leat, Éirigh.


agus ag féachain suas ar neamh dhó, do leig sé osna as, agus adubhairt sé leis, Effatá, is é sin, Foscailtear thú.


Agus nuair do chonnaic Íosa go raibh sluagh mór daoine ag rith chuige, do smachtuigh sé an spioraid neamh‐ghlan, ’g‐a rádh leis, A spioraid bhalbh, bhodhar, órduighim‐se dhuit, tar amach as, agus ná téighir isteach ann arís.


Agus is iomdha lobhar do bhí i nIsrael le linn Éliséus fáidh; agus níor glanadh soinne aca, acht amháin Naaman an Siriach.


Agus do shín sé amach a lámh, agus do chuir sé air í, agus adubhairt, Is toil liom é; glantar thú.


Agus táinig sé agus do chuir sé a lámh ar an gcróchar: agus do stad an lucht iomchair Agus adubhairt sé, A óigfhir, adeirim leat, Éirigh.


Agus tar a éis dó sin a rádh, do ghlaodh sé de ghuth árd, A Lasaruis, tar amach.


Muna mbéadh go ndearnas ’n‐a measc na h‐oibreacha nach ndearna aoinneach eile, do bhéidís gan pheacadh: acht anois do chonnacadar mise agus m’Athair, agus thugadar fuath dhúinn.


Óir fá mar thógas an t‐Athair na mairbh agus aithbheodhuigheas sé iad, ar an gcuma chéadna aithbheodhuigheann an Mac na daoine is toil leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí