Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus féach, tháinig lobhar chuige, agus do shléacht sé dhó, g‐á rádh, A Thighearna, má’s áil leat é, is féidir leat mise do ghlanadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 agus bʼshiúd lobhar a tháinig go dtí é agus a chuaigh ar a ghlúine roimhe, agus a dúirt, “A Thiarna, más toil leat é, féadann tú mé a ghlanadh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus féach, tháinic lobhar chuige, agus shléacht sé dó, ag rádh: A Thighearna, má’s áil leat, tig leat mé a dhéanamh glan.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus, féuch, tainic lóbhar chuige agus do shléachd sé dhó, ag rádh, A Thighearna, mádh áill leachd, is éidir leachd misi do ghlanadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus féach, tháinig lobhar, agus do shléacht sé dhó agus dubhairt sé: A Thighearna, tá ar do chumas mé ghlanadh má’s áil leat.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Agus tháinig lobhar chuige ag umhlú síos ina láthair agus dúirt: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Agus tháinig lobhar chuige ag umhlú síos ina láthair agus dúirt: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:2
37 Tagairtí Cros  

Leigheasaidh na h‐easláin, dúisighidh na mairbh, glanaidh na lobhair, caithidh amach na deamhain: i n‐aisce do fuarabhar, tabhraidh uaibh i n‐aisce.


Agus ní dhearna sé mórán míorbhal san áit sin mar gheall ar a ndíthchreideamh.


Agus na daoine do bhí sa mbád, d’adhradar é, g‐á rádh, Go fírinneach is tusa Mac Dé.


Acht tháinig sise, agus do shléacht sí dhó, g‐á rádh, A Thighearna, fóir orm!


Annsin do chaith an seirbhíseach é féin roimhe, agus do chuir sé athchuinghe air, g‐á rádh, A thighearna, déan foighid liom, agus íocfad an t‐iomlán leat.


Agus do chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh i bhfochair a mhátar Muire, agus do shléachtadar dó, agus d’adhradar é, agus ag foscailt a dtaisce dhóibh, thugadar bronntanais dó: ór, agus túis, agus mirr.


Annsin tháinig chuige máthair clainne Sebedé i n‐éinfheacht le n‐a clann mhac, ag umhlú dhó, agus ag iarraidh fabhair air.


Agus nuair do bhí Íosa i mBétánia, i dtigh Shíomóin lobhar,


Agus nuair do‐chonnacadar é, d’adhradar é: acht do bhí amhras ar chuid aca.


Agus féach, do casadh Íosa ortha, agus adubhairt sé, Go mbeannuighidh Dia dhaoibh. Agus thángadar agus rugadar ar chosaibh air, agus d’adhradar é.


agus adubhairt sé leis, Do‐bhéarad‐sa iad sin go h‐iomlán duit, má’s toil leat sléachtadh dhom,


Agus nuair tháinig sé anuas ó’n gcnoc, do lean sluaighte móra é.


Agus tháinig siad chuige, agus do dhúisigheadar é, g‐á rádh, Fóir orainn, a Thighearna; tá baoghal báis orainn!


Le linn cainnte dhó, féach, tháinig uachtarán chuige, agus do shléacht sé dhó, agus adubhairt, Atá m’inghean tar éis báis anois díreach, acht tar agus cuir do lámh uirthi, agus mairfidh sí beo.


Agus is iomdha lobhar do bhí i nIsrael le linn Éliséus fáidh; agus níor glanadh soinne aca, acht amháin Naaman an Siriach.


Agus adubhairt seisean, Creidim, a Thighearna. Agus d’umhlaigh sé dhó.


Acht adubhairt Peadar, Ní dhéanfainn sin, a Thighearna; óir éinnidh coitcheann ná neamh‐ghlan níor itheas riamh.


Agus thárla, ag dul isteach do Pheadar, go ndeachaidh Cornélius chuige, agus do shléacht sé dhó ag a chosaibh, ag déanamh onóra dó.


agus ar mhodh go dtuitfidh sé ar a aghaidh faoi agus go n‐adharfaidh sé Dia, g‐á rádh go bhfuil Dia dá ríribh ’n‐bhur measc.


Agus do thuiteas síos ag a chosaibh chum adhradh do dhéanamh dhó; acht adubhairt seisean liom, Seachain, ná déan é: is cóimh‐sheirbhíseach leat‐sa mé, agus led’ bhráithribh go bhfuil fiadhnaise Íosa aca: déan adhradh do Dhia, óir is í fiadhnaise Íosa spiorad na tarngaireachta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí