Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus féach, tháinig lobhar, agus do shléacht sé dhó agus dubhairt sé: A Thighearna, tá ar do chumas mé ghlanadh má’s áil leat.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 agus bʼshiúd lobhar a tháinig go dtí é agus a chuaigh ar a ghlúine roimhe, agus a dúirt, “A Thiarna, más toil leat é, féadann tú mé a ghlanadh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus féach, tháinic lobhar chuige, agus shléacht sé dó, ag rádh: A Thighearna, má’s áil leat, tig leat mé a dhéanamh glan.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus féach, tháinig lobhar chuige, agus do shléacht sé dhó, g‐á rádh, A Thighearna, má’s áil leat é, is féidir leat mise do ghlanadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus, féuch, tainic lóbhar chuige agus do shléachd sé dhó, ag rádh, A Thighearna, mádh áill leachd, is éidir leachd misi do ghlanadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Agus tháinig lobhar chuige ag umhlú síos ina láthair agus dúirt: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Agus tháinig lobhar chuige ag umhlú síos ina láthair agus dúirt: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:2
37 Tagairtí Cros  

Leighsidh daoine breóite; tógaidh na mairbh ó’n mbás; glanaidh na lobhair; cuiridh amach na deamhain. Is i n-aisge do fuarabhair; tugaidh uaibh i n-aisge.


Agus níor dhein sé puínn mírbhuiltí sa n-áit sin, mar gheall ar dhíthchreideamh na ndaoine sin.


Agus tháinig na daoine a bhí ar an luing agus d’adhradar é, agus dubhradar, Is tú Mac Dé go fíor.


Ach do tháinig sisi agus do shléacht sí dhó, agus, Fóir orm, a Thighearna, ar sisi.


Ansan do chaith an seirbhíseach san é féin ar an dtalamh, ag guidhe an tighearna, agus dubhairt sé: Dein foidhne liom, agus díolfad an iomláine leat.


Agus chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh agus a mháthair, Muire, agus shléachtadar dó agus d’adhradar é; agus d’osgaladar a gcuid stóir, agus thugadar bronn-tanas dó, ór agus túis agus mirr.


Ansan tháinig chuige máthair clainne Sebedé i n-aonfheacht le n-a macaibh, agus do shléacht sí dhó, ag lorg ruda éigin air.


Ach nuair a bhí Íosa i mBetánia, i dtigh Shímóin, an lobhar,


Agus nuair a chonacadar é d’adhradar é; ach bhí cuid acu lag-chreideamhac.


Agus féach, do bhuail Íosa úmpa, agus dubhairt sé: Slán daoibh. Agus do thánadar agus do rugadar ar chosaibh air, agus d’adhradar é.


Agus dubhairt sé leis: Tabharfad iad san go léir duit ach sléachtadh dhom agus mé dh’adhradh.


Ansan nuair a tháinig sé anuas ó’n gcnoc do lean sluaighte móra é.


Agus tháinig a dheisgiobuil chuige agus dhúisigheadar é. A Thighearna, ar siad, saor sinn; tá an bás againn.


An fhaid a bhí sé ag rádh na cainte sin leó, féach tháinig priúnsa áirighthe chuige, agus do shléacht sé dhó, agus dubhairt sé: A Thighearna, do fuair m’inghean bás anois; ach tar agus cuir do lámh uirthi, agus beidh sí beó.


Agus bhí a lán lobhar i n-Israél le linn an fháidh Elisaéus agus níor glanadh aoinne acu ach Naaman an Síriánach.


Ansan dubhairt seisean: Creidim, a Thighearna. Agus do shléacht sé dhó, ’ghá adhradh.


Ach dubhairt Peadar: Nár leigidh Dia go ndéanfainn san, a Thighearna, óir níor itheas riamh bia coitchian ná bia neamhghlan.


Asus do thárla nuair a tháinig sé isteach go dtáinig Cornélius ’n-a choinnibh agus gur shléacht sé agá chosaibh ghá onórú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí