Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 8:3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus ar síneadh a láimhe, do bhean Iósa ris, ag rádh, Is aill; bí glan. Agus ar an mball do bhí a lobhradh ar na ghlanadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus shín sé a lámh amach uaidh gur bhain leis, agus dúirt se, “Is toil liom é, bí glan.” Agus ní luaithe sin ráite ná glanadh a lobhra.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus ag síneadh amach a láimhe do Íosa, leig sé air í, agus dubhairt: Is áil: Déantar glan thú. Agus san bhomaite bhí an lobhra glanta de.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus do shín sé amach a lámh, agus do chuir sé air í, g‐á rádh, Is áil liom é; glantar thú. Agus ar an láthair do glanadh é ó’n lobhra.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus do shín Íosa a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé; Is áil liom é: glantar thú. Agus do glanadh láithreach é ó n-a lobhra.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Agus shín sé amach a lámh, agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú”; agus leigheasadh ón lobhra é láithreach.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:3
19 Tagairtí Cros  

Agus a dubhairt Dia, Bíodh solus ann: agus do bhí an solus ann.


Acht do ghabh fearg Náaman, agus dimthigh roimhe, agus a dubhairt sé, Féuch, do shaóil mé, go ttiucfadh sé amach chugam go deimhin, agus go seasfadh, agus go ngoirfeadh air ainm a THIGHEARNA Dé, agus go mbúailfeadh a lámh ós cionn a nothair, agus an lobhar do shlánughadh.


Ann sin do chúaidh sé síos, agus do thom sé é feín seachd nuáire ann Iordan, do reír mar a dubhairt óglach Dé: agus thaínig a fheóil a rís mar fheóil leinimh bhig, agus do bhí sé glan.


Oír do labhair sé, agus do rinneadh amhluidh; do aithin sé, agus do cruthuigheadh é.


Agus a dubhairt sé, Cuír do lámh ad bhrollach a rís. Agus do chuir a lámh na bhrollach a rís. Agus tug amach as a bhrollach í, agus, féuch, do hiompoigheadh í a rís mar an gcuid eile dhá fhéoil.


Ann sin a deir seisean ris an duine, Sín a mach do lámh. Agus do shin; agus do bhí sí ar na haiseag slán, mar an láimh eile.


Agus ar ngabháil truaighe móire Díosa dhó, agus ar sineadh a láimhe, do bhean sé ris, agus a dubhairt sé ris, Is toil; bí glan.


Agus ar néirghe dhósan, tug sé achmhnsan don gháóith, agus a dubhairt sé ris an bhfairge, Coisg, bí balbh. Ann sin do chíuinaigh an gháoth, agus do bhí súaimhneas mór ann.


Agus air mbreith dhó air láimh an chailín, a dubhairt sé ria, Talita cúmi; is é sin, ar na eidirmhínigheadh, A chailín a deirim riot, éirigh:


Agus ar bhféachain súas ar neamh, do léig sé osnadh, agus a dubhairt sé ris, Ephphatha, éadhon, Bí osgailte.


Agus an tan do chonnairc Iósa an slúagh uile ag coimhrith chuige, do imdhearg sé an spiorad neamhghlan, ag rádh ris, A spiorad bhailbh agus bhodhair, aithnimsi dhíot, imthigh a mach as, agus na héirigh a sdeach ann ní so mhó.


Agus do bhádar morán lobhar a Níseaél ré linn Eliséus an faidh; agus níor glanagh éin neach aca, achd Náaman an Sirianach.


Agus ar sineadh a láimhe, do bhean sé ris, ag radh, As toil: bí glan. Agus dfag an lubhra é ar an mball.


Agus táinic sé agus do bhean sé ris an gcomhraidh: (agus do sheasadar an luchd do bhí agá iomchar) agus a dubhairt sé; A ógánaigh, a deirim riot, éirigh.


Agus tar éis so do rádh dhó, a dubhairt sé do ghuth ard, A Lásaruís, tárr amach.


Muna dhéarnuinn oibreacha na measg nach dearna neach ar bithe eile, ní bhíadh peacadh orra: achd a nois do chunncadar agus fós do fhúathuigheadar misi, agus Mathair.


Oír amhuil mar dhúisgeas, agus mar bheódhaigheas an Tathair na mairbh; as mar an gcéudna bheódhaigheas an Mac an dream as áill leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí