Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:27 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 De sin do ghlac iongnadh na daoine agus dubhradar: Cad é mar duine é seo go bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Agus rinne na fir iontas de, agus dúirt siad, “Cad é an sórt fir é seo, go mbíonn fiú na gaotha agus an fharraige ag umhlú dó?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Acht tháinic iongantas ar na fir, agus dubhairt siad: Cad é an cinéal duine é seo, óir tá na gaotha agus an fhairrge umhal dó?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Agus do ghabh iongnadh an‐mhór na daoine, agus adubhradar, cia h‐é an fear so go n‐umhluigheann na gaotha agus an fhairrge féin dó?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Agus do ghabh iongnadh na daóine, ag rádh, Créud é an fearso, agá bhfuilid na gáotha agus an fhairge ag umhlughadh dhó!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 Bhí ionadh ar na fir agus deiridís: “Cén sórt duine é seo a rá go ndéanann na gaotha féin agus an fharraige rud air?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Bhí ionadh ar na fir agus deiridís: “Cén sórt duine é seo a rá go ndéanann na gaotha féin agus an fharraige rud air?”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:27
8 Tagairtí Cros  

Agus tháinig na daoine a bhí ar an luing agus d’adhradar é, agus dubhradar, Is tú Mac Dé go fíor.


I dtreó go raibh iongnadh ar na sluaighte nuair a chonacadar na daoine a bhí balbh ag caint, agus na daoine a bhí bacach ag siúbhal, agus radharc ag na dallaibh; agus do mholadar Dia Israéil.


Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhé; agus dúbhairt se leis an muíntir a bhí ’ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n-Israél.


Agus dubhairt Íosa leó: Cad is eagal daoibh, a dhaoine gan puinn creidimh? Ansan d’eirigh sé agus dubhairt sé leis an ngaoith agus leis an bhfaraige fanmhaint socair, agus tháinig ciúnas mór.


Agus nuair a chuadar treasna an uisge, isteach i dtír na nGerasénach, do bhuail uime beirt go raibh deamhain ionta, agus iad ag teacht amach as na h-uaghnaibh agus iad ana-mhillteach, i dtreó nár bh’fhéidir d’aoinne gabháil an tslígh sin acu.


Agus tháinig iongna ar na daoine go léir, agus bhíodar ag fiafraighe dhá chéile; agus deiridís: Cad é seo? cad é an teagasg nua é seo? go gcuireann sé smacht ar na h-annspridíbh truaillighthe féin, agus go ngéillid siad dó?


Agus tháinig sé chúcha ar bórd na luinge agus do stad an ghaoth. Agus do mhéaduigh ar a n-uathbhás i n-a n-aigne.


Agus iseadh is mó a dheineadar iongna dhé, agus a deiridís: Deineann sé gach nídh go maith: tugann sé éisteacht do’n bhodhar agus caint do’n bhalbh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí