Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus nuair a chonaic Íosa na sluaighte móra ’n-a thímpal, d’órduigh sé dul thar uisge.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Nuair a chonaic Íosa anois na mórshluaite ina thimpeall, thug sé ordú uaidh dul anonn go dtí an taobh eile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Agus nuair a chonnaic Íosa sluaighte móra fá dtaoibh de, d’órdhuigh sé dul trasna an uisce.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus nuair do chonnaic Íosa na sluaighte móra ’n‐a thimcheall, thug sé órdú dul do’n taobh eile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus an tan do chunnairc Iósa slúagh mór na thimcheall, do aithin sé dul don táoibh oile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 Nuair a chonaic sé slua ina thimpeall, dʼordaigh Íosa dul go dtí an taobh thall.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

18 Nuair a chonaic sé slua ina thimpeall, d'ordaigh Íosa dul go dtí an taobh thall.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:18
10 Tagairtí Cros  

Agus láithreach ’n-a dhiaidh san do chuir Íosa dh’fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge bige agus dul roimis féin go dtí an taobh thall de’n uisge, chun go gcuirfeadh sé na daoine chun siúbhail.


Ansan nuair a tháinig sé anuas ó’n gcnoc do lean sluaighte móra é.


Agus dubhairt sé leó an lá san, nuair a bhí an déanaighe ann: Téighmís anonn treasna.


Agus nuair a thainig Íosa thar uisge airís, sa luing, do bhailigh pobul mór chuige, agus é ar bruach na faraige.


Agus láithreach chuir sé fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge chun go raighdís treasna go Betsaida, agus go gcuirfeadh sé féin na daoine chun siubhail.


Agus chuir sé uaidh iad, agus chuaidh sé ar bórd na luinge airís agus d’imthigh sé thar uisge.


Agus do tharla, lá de sna laethibh sin, go ndeaghaidh sé féin agus a dheisgiobuil ar bórd luinge, agus dubhairt sé leó: Téighmís treasna an locha. Agus chuadar ar aghaidh.


Nuair a bhí fhios ag Íosa, ámhthach, go rabhadar chun teacht agus breith air agus rí a dhéanamh de, d’imthigh sé uatha airís fé’n gcnoc i n’ aonar.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí