Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:17 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Ionus go bhfíor-faí an chaint a dubhairt Isáias Fáidh, mar a ndubhairt sé: Do ghlac sé chuige féin ár n-easláintí agus d’fhuiling sé ár ngalara.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 Tharla sin leis an ní a dúirt an fáidh Ísáia a chomhlíonadh, “Ghlac sé air féin ár n‑easláintí agus thóg sé ár n‑aicídí.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Ionnas go gcóimhlíontaí an rud a bhí ráidhte ag Isaias, fháidh, a dubhairt: Ghabh sé chuige ár n-éagcruadhais, agus d’iomchar sé ár ngalair.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt Ésáias fáidh, Do ghabh sé chuige féin ár n‐aicídeacha, agus d’fhulaing sé ár ngalair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Do chum go gcoimhliónfuighthe an ní a dubhairt Esaias an fhaigh, a deir, Do ghabh seisean ar néagcrúaisne air, agus do iomchair sé ar ngalruighthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: “Thóg sé ár n-éagruais, agus dʼiompair sé ualach ár ngalar.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

17 chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: “Thóg sé ár n‑éagruais, agus d'iompair sé ualach ár ngalar.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:17
9 Tagairtí Cros  

Agus do thuit an méid sin go léir amach i dtreó go gcómhlíonfaí an rud a dubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh nuair adubhairt sé:


agus bhí sé sa n-áit sin chun go bhfuair Héród bás; Ionus go gcómhlíonfaí an focal adubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh, nuair adubhairt sé: As an Éigipt do ghlaodhas mo mhac.


Agus tháinig sé chun cómhnuighthe sa bhaile ar a dtugtar Nasaret, ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhairt na fáidhe: Óir tabharfar Nasarénach air.


Agus nuair a tháinig an tráthnóna agus chuaidh grian fé, thugadar ag triall air gach aoinne a bhí as a shláinte agus gach aoinne go raibh deamhan ann.


Agus tar éis dul gréine fé, an mhuintir go raibh daoine gan sláinte acu nó go raibh aon tsaghas daoine breóite acu bhíodar ’ghá dtabhairt chuige; agus chuireadh sé a lámh ar gach duine acu agus leighiseadh sé iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí