Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus do rug sé ar láimh uirthi, agus d’imthigh an t-éagcruas di, agus d’eirigh sí, agus dhein sí friothálamh ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 agus chuir sé a mhéar ar a láimh, agus dʼfhág an fiabhras í, agus dʼéirigh sí aníos go ndearna freastal air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Agus rug sé ar láimh léi, agus d’imthigh an fhiabhras dí; agus d’éirigh sí agus rinne freastal ortha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus do chuir sé a lámh uirthi, agus d’imthigh an fiabhras dí: agus d’éirigh sí, agus do‐rinne sí friotháileamh ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus do bhean sé ré na láimh, agus do fhágaibh an fíabhrus i: agus do éirigh sí, agus do rinne sí friothólamh dhóibh

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Chuir sé a lámh ar a láimh, dʼfhág an fiabhras í, mʼéirigh sí agus rinne sí freastal air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Chuir sé a lámh ar a láimh, d'fhág an fiabhras í, d'éirigh sí agus rinne sí freastal air.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:15
15 Tagairtí Cros  

Agus d’iarradar air leigint dóibh baint amháin le fabhra a bhrait; agus an méid a bhain, do slánuigheadh iad.


Agus tháinig truagh ag Íosa dhóibh, agus chuir sé a lámh ar a súilibh: agus tháinig a radharc dóibh láithreach, agus do leanadar é.


Agus nuair a tháinig Íosa isteach i dtigh Pheadair chonaic sé máthair a chéile ’n-a luighe agus éagcruas uirthi;


Ansan, nuair a tháinig an tráthnóna, thugadar ag triall air a lán daoine go raibh deamhain ionta; agus bhí sé ag díbirt na ndeamhan le n-a fhocal, agus ag leigheas na ndaoine a bhí as a sláinte;


Agus do shín Íosa a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé; Is áil liom é: glantar thú. Agus do glanadh láithreach é ó n-a lobhra.


Agus féach, tháinig lastiar dé bean a bhí ag tabhairt a cod’ fola ar feadh dhá bhliain déag, agus chuir sí a lám ar fhabhra a bhrait.


Ansan do chuir sé a lámh ar a súilibh, agus dubhairt sé: Deintear libh do réir bhúr gcreidimh.


Agus thanadar láithreach amach as an sinagóig agus chánadar go tigh Shímóin agus Aindriais, i n-aonfheacht le Séamus agus le h-Eóin.


Agus tháinig truagh ag Íosa dhó, agus do shín sé a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé: Is toil liom é; glantar thu.


Ach do rug sé féin an láimh uirthi, agus do labhair sé do ghuth árd agus dubhairt: A chailín, eirigh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí