Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus dubhairt Íosa leis an dtaoiseach céad: Imthigh ort, agus fé mar a chreidis deintear duit. Agus tháinig a shláinte do’n bhuachaill an uair sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Agus dúirt Íosa leis an gceantúir, “Imigh; go ndéantar duit mar atá creidte agat.” Agus leigheasadh an seirbhíseach in alt na móiminte úd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Agus dubhairt Íosa leis an cheanntúir: Imthigh, agus bíodh duit do réir mar chreid tú. Agus fuair an giolla a shláinte ar an uair sin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus adubhairt Íosa leis an gceanntúir, Imthigh ort; de réir mar do chreidis go ndéantar duit. Agus do leigheasadh an giolla an uair chéadna sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus a dubhairt Iósa ris an gcaiptín, Imthigh romhad; agus biodh dhuit, do réir mar do chreid tú. Agus do slánuigheadh a shearbhfhoghantaidhe ar a núair sín.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Dúirt sé leis an taoiseach céid ansin: “Imigh leat; agus bíodh agat de réir mar a chreid tú.” Agus ar an nóiméad sin féin, leigheasadh an giolla.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 Dúirt sé leis an taoiseach céad ansin: “Imigh leat; agus bíodh agat de réir mar a chreid tú.” Agus ar an nóiméad sin féin, leigheasadh an giolla.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:13
10 Tagairtí Cros  

Ansan d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: A bhean, is mór é do chreideamh. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuigheadh a h-inghean ó’n uair sin.


Ach ní curtar amach an sórd so ach le h-úrnuighthe agus le trosgadh.


Agus dubhairt Íosa leis: Féach, ná h-innis d’aoinne é; ach imthigh agus taisbeáin tu féin do’n tsagart, agus tabhair an ofráil a dh’órduigh Maoís, mar fiadhnaise dhóibh-sin.


D’iompuigh Íosa, ámhthach, agus chonaic sé í, agus dubhairt sé: Glac misneach, a ’ghnín ó; do shlánuigh do chreideamh thu. Agus bhí an bhean leighiste ó’n uair sin amach.


Agus dubhairt seisean: Mar gheall ar an bhfocal san imthigh leat, tá an deamhan imthighthe as t’inghin.


Agus, láithreach, do sgread athair an bhuachalla, agus na deóra leis: Creidim, a Thighearna: fóir m’easba creidimh.


Dubhairt Íosa leis: Imthigh leat; tá do mhac beó. Do chreid an duine an focal adubhairt Íosa leis agus d’imthigh sé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí