Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus caithfar clann na rígheachta amach sa dorchadas atá amuigh, mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 agus go mbeidh san am céanna clann mhac na ríochta á gcaitheamh amach sa dorchadas taobh amuigh di; mar a mbeifear ag sileadh deor agus ag díoscán fiacal.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Acht teilgfear clann na ríoghachta amach san dorchadas amuigh: béidh gol agus díoscarnach fiacal annsin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 agus Iácóib i ríoghacht neimhe: acht go dteilgfear clann na ríoghachta amach sa dorchadas atá amuigh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus teilfidhthear clan na ríoghachda sa dorchadas atá léith a muigh: biáidh ann sin gul agus gearradh fíacal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 ach clann na Ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 ach clann na ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:12
19 Tagairtí Cros  

Agus isé an domhan an gort. Agus clann na rígheachta, siniad an síol fóghanta. Agus clann an uilc, siniad an cogal.


Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh sa n-áit sin gol agus díosgán fiacal.


Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh gol agus díosgán fiacal sa n-áit sin.


D’á bhrígh sin adeirim libh go dtógfar uaibh-se rígheacht Dé, agus go dtabharfar í do chine a thabharfaidh toradh uatha uirthi.


Agus deighilfidh sé é, agus ceapfaidh sé a chuid ameasg lucht fill: beidh sa n-áit sin gol agus díoscán fiacal.


Agus an seirbhíseach neamhthairbheach, caithidh amach é sa doircheacht atá amuigh; ansan iseadh bheidh gol agus díoscán fiacal.


Ansan a bheidh an gol agus an díosgán fiacal, nuair a chífidh sibh Ábraham agus Isaac agus Iácób agus na fáidhe go léir istigh i rígheacht Dé, agus sibh féin díbeartha amach.


Is sibhse clann na bhfáidh agus clann na connartha a dhein Dia le n-ár n-aithreachaibh nuair a dubhairt sé le h-Ábhraham: “Agus ad shíolsa iseadh do beannófar clanna an domhain go léir.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí